sion cross improvement works
SION CROSS IMPROVEMENT WORKS
GLYNN ST MULLINS RESEVOIR
GLYNN ST MULLINS RESEVOIR
BALLINABRANNA RESEVOIR
BALLINABRANNA RESEVOIR
CARLOW COUNTY COUNCIL ANNUAL REPORT 2006

ROINN NA SEIRBHÍSÍ UISCE


Níl mórán seirbhísí poiblí níos tábhachtaí ná soláthar agus cothabháil caighdeán an uisce. San áireamh in obair Rannóg Seirbhísí Uisce Comhairle Chontae Cheatharlach tá feidhmiú agus cothabháil fiche scéim soláthar uisce agus tríocha ceathair scéim fuíll uisce/draenála. Cabhraíonn siad le scéimeanna soláthar uisce grúpa agus táid freagrach as dearadh agus as tógáil scéimeanna uisce agus fuíll uisce nua.

Soláthraíonn Comhairle Chontae Cheatharlach mar Údarás Sláintíochta timpeall 15,900 m3 (3.5 milliún galún) uisce per lá do 11,200 sealúchas mórthimpeall an chontae. Trí sholáthar agus trí dháileadh an uisce seo caithfidh an Chomhairle timpeall 500km de phíblíne a chothabháil agus cloí ina iomlán le riachtanais rialacháin nua uisce óil S.I. 439 de 2000. Chuaigh na rialacháin nua seo i bhfeidhm ón 1ú Eanáir, 2004, agus chuir siad dualgais breise agus monatóireachta níos déine ar na húdaráis sláintíochta.

Soláthraíonn Comhairle Chontae Cheatharlach séarachas píobaithe agus áiseanna cóireála séarachais do timpeall 8,500 sealúchas ag friotháil ar 29,100 duine. Nuair atá an Chomhairle ag soláthar na seirbhíse seo caithfidh siad cloí ina iomlán le riachtanais Rialacháin Cóireála Fuíoll Uisce, 2001, agus cóireáil iomlán agus cur de láimh dríodar séarachais a sholáthar i gcomhréir le forálacha Plean Bainistíochta Dríodair Cheatharlach, 2001.

MEASÚNÚ, MONATÓIREACHT AGUS COMHLÍONADH IOMLÁN


Tá Comhairle Chontae Cheatharlach dírithe ar uisce a sholáthar den gcaighdeán is airde – tá an mhonatóireacht leanúnach agus tástáil ar an uisce déanta ag Comhairle Contae Cheatharlach agus seoltar na torthaí bliantúla den monatóireacht seo chuig Gníomhaireacht Cosanta na Timpeallachta.

Dhein Comhairle Chontae Cheatharlach anailís ar 143 sampla seiceála agus 64 sampla iniúchta le linn 2006. Ina theannta san d’aithin agus thosaigh Contae Ceatharlach monatóireacht ar 15 soláthar uisce príobháideacha a bhí clúdaithe ag na rialacháin. Sé an ráta iomlán comhlíonta i gComhairle Contae Ceatharlach ná 98% agus tá sé seo ós cionn an mheáin náisiúnta. Bé 99% an ráta comhlíonta ins an soláthar uisce poiblí.

Le haghaidh tuileadh eolais téigh ar shuíomh idirlín Údaráis Áitiúla Cheatharlach chun íoslódáil a dhéanamh ar Thuairiscí ÁCT ar Chaighdeán Uisce Óil in Éirinn:

www.carlow.ie/services/environment/reports/EPAIrishDrinkingWater2005.pdf

Le linn 2006 dhein Comhairle Chontae Cheatharlach fiosrú sonrach ar an chúis a bhí le briseadh amach an cripteaspóiridiam i 2005 le anailís sonrach san áireamh ar chéimeanna go bhféadfaí thógáil chun laghdú ar bhaol briseadh amach dá leithéid sa todhchaí. Le haghaidh sonraí iomlána déan tagairt, led thoil, do Thuairisc Briseadh Amach Cripteaspóiridiam i mBaile Ceatharlach & a Thimpeallacht 2005 atá le fáil le híoslódáil ó shuíomh idirlín Chomhairle Chontae Cheatharlach ag an suíomh seo a leanas:
www.carlow.ie/services/environment/reports/CryptosporidiumReportFinal

Dhein tuairisc ÁCT Caighdeán an Uisce Óil in Éirinn tagairt do Thuairisc Cripteaspóiridiam mar ghné an-luachmhar, mhol an ÁCT gur chóir do gach údarás sláintíochta scrúdú a dhéanamh ar an tuairisc seo agus athbhreithniú a dhéanamh ar a himpleachtaí le haghaidh a ionaid cóireála uisce féin.

Chun baol an cripteaspóiridiam ag dul isteach san uisce a dhéanamh chomh beag agus is féidir, bhí obair fhorleathan déanta ag Rannóg na Seirbhísí Uisce.

San áireamh san obair seo bhí:

  • OIBREACHA FEABHSAITHE CROSAIRE SION

 

Bhí an obair seo dírithe go háirithe ar smacht níos mó a chur ar próiseas an smachtú uisce agus bhíodar seo a leanas san áireamh:

      • Suiteáil méadair mhoirtiúlachta chun monatóireacht réad-ama a dhéanamh a sholáthar ar éifeacht próiseas an chóireála uisce.
      • Tógáil an t-seana sruth cóireála as a céile ag na h-oibreacha, agus mar sin ag laghdú cumas na n-oibreacha cóireála agus ag ceadú smacht níos mó a bheith ar an sruth cóireála níos nuaí.

 

  • STÁISIÚN TREISEORA BHAILE NA MANACH

Brostaíodh soláthar stáisiún treiseora ar an soláthar uisce ó Oibreacha Cóireála Uisce Ráth Bhile go Baile Ceatharlach, le stáisiún pumpála sealadach curtha isteach roimh na h-oibreacha seasta. Soláthraíonn na h-oibreacha seasta, a bhí críochnaithe déanach i 2005, agus a gcoimisiúiniú go luath i 2006, 2,000 m3 breise go Baile Ceatharlach ó Ráth Bhile.

 

SCÉIM SOLÁTHAIR UISCE RÉIGIÚNACH TUAISCEART CEATHARLACH – CÉIM II

Chríochnaigh an Chomhairle Réamh-Thuairisc agus Tuairisc eile ar an Prionsabail go nDíolann an Truailleoir i leith Scéim Sholáthar Uisce Réigiúnach Tuaisceart Ceatharlach Céim II ag clúdach ceantair uisce tuaithe 1 & 3. Sé aidhm na scéime seo ná na riachtanais soláthar uisce de cheantair áirithe den gcontae a chlúdach suas go dtí an bhliain 2025. San áireamh ins na ceantair tá Baile Cheatharlach, an Tulach agus Scéimeanna Soláthar Uisce Réigiún an Tuaiscirt agus an Láir. San áireamh sa scéim beidh uasghrádú ar na hionaid chóireála uisce reatha ag Ráth Bhile, An Tulach, Crosaire Sion agus Ráithín Liath, agus soláthar taiscumair stórais breise agus feabhsaithe agus feabhsúcháin ar an ngréasán dáilte.
Tógadh Stáisiún Treiseora ag Baile na Manach mar chuid breise den scéim seo.

 

SCÉIM DRAENÁLA UISCE DROMCHLACH CHEATHARLACH

Socraíodh na fadhbanna cead slí deireanacha a bhain leis an scéim seo i 2005 agus d’eisíodh teastas pleanála don Roinn Chomh-shaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil i Nollaig, 2005. Tá i gceist tosú ar thógáil an réamh-obair i Pembroke sa scéim seo go luath i 2007.

Tá an Chomhairle tar éis socrú a dhéanamh le Bord na n-Oibreacha Poiblí i dtaobh codanna de Scéim Fhaoiseamh ó Thuillte Cheatharlach a chur ar aghaidh níos túisce. Tá an Chomhairle ag cur pleanáil na scéime seo ar aghaidh chun go bhféadfaí tosú ar an dtógáil i 2008.

TIONSCNAMH DFF UISCE TUAITHE LAIGHEAN THEAS


Tá Beart DFF (Dear Forbair agus Feidhmigh) Laighean Theas déanta suas de bheart conartha singil scéimeanna soláthar uisce ghrúpa agus soláthar uisce poiblí beag i gceantar Laighean Theas. Tá an scéim dírithe ar easnaimh a shocrú i gcaighdeán an uisce thuaithe trí soláthar DFF.
Tá rannpháirtíocht agus comhoibriú gníomhach Comhairlí Chontae Ceatharlach, Laois, Cill Chainnigh, Loch Garman, Cill Dara, agus Cill Mhantáin agus na scéimeanna ghrúpa faoi seach laistigh des na ceantair Údarás Áitiúil seo mar chuid den tionscnamh. San iomlán, tá 18 scéim soláthar uisce grúpa agus 15 scéim soláthar uisce poiblí sa bheart, ag soláthar thart ar 9,000m3 uisce gach lá do 4,500 sealúchas baile ag friotháil ar dhaonra de timpeall 20,000 duine. Tá 1,100 ceangal neamh-bhaile á fhriotháil ag na scéimeanna, chomh maith.

Fuarthas tairiscintí don tionscnamh seo in Iúil 2005. Sé costas an chéama Dear Forbair den conradh ná €7.8m. Chuaigh an tairiscinteoir ar aghaidh le haighniú cead pleanála le haghaidh na n-ionad cóireála agus na oibre coimhdí. Tá pleanáil cuid 8 ceadaithe le haghaidh na scéimeanna seo. Tá an conraitheoir tar éis iarratais a dhéanamh, chomh maith, don ESB le haghaidh soláthar nua aibhléise pé áit go bhfuil sé riachtanach. Ceapadh Foireann Innealtóireachta Lonnaithe le haghaidh an tionscnaimh agus táid ag déanamh maoirseacht ar €5m de Réamh Obair atá á dhéanamh roimh an príomh conradh DFF. Bhí EPS ceaptha mar an príomh conraitheoir agus síníodh an conradh DB i mBealtaine 2006.Ó shin thosaigh obair ar roinnt suíomh agus táthar ag súil go mbeidh an chéad phíosa de na Scéimeanna ar siúl i Lúnasa 2007 le Glynn Naomh Moling agus Baile na mBreatnach i gCeatharlach san áireamh.Tá Méadrú Uilíoch agus obair aistrithe na bpríomh phíobán ar siúl ar bhonn leanúnach, chomh maith.

 

TIONSCNAMH CAOMHNAITHE UISCE CHEATHARLACH

Sé an chúis atá leis an tionscnamh seo ná cainníochtú agus íoslaghdú a dhéanamh ar mhéid an uisce ag sileadh as gréasán soláthar uisce Cheatharlach. Tá tógáil áiseanna Méadarachta Réigiúnacha mórthimpeall an chontae tar éis tarlú i gcéim reatha an tionscnaimh, a éascóidh monatóireacht agus bainistíocht úsáide uisce mórthimpeall an chontae. Fuarthas córas teiliméadracha, chomh maith, a cheadóidh an t-eolas go léir i leith úsáide uisce a bheith seolta go oifig caomhnaithe uisce lárnach gur féidir athbhreithniú agus gníomhú a dhéanamh ar an eolas. D’aimsíodh sileadh uisce ar scála mór agus cuireadh i bhfeidhm córas le haghaidh taifeadadh agus eagrú a dhéanamh ar dheisiú an tsileáin seo.
Leathnaíodh ordú na gcomhairleora don dtionscnamh i 2005 chun ullmhú tuairiscí athshlánaithe do Bhaile agus do Chontae Cheatharlach a chur san áireamh. Tá measúnú ar an stádas agus feidhmiú ghréasáin na bpíobán uisce agus aimsiú na bpíobán go gcaithfí a athrú mar chuid de seo. Dhein Comhairle Chontae Cheatharlach iarratas cistíochta i Feabhra 2006 chuig an Roinn Chomh-shaoil, Oidhreachta & Rialtais Áitiúil chun cistíocht a fháil le haghaidh an Tionscnamh Caomhnaithe Uisce do Bhaile agus do Chontae Cheatharlach a chríochnú.
Fuarthas athrú phíobán in ionad phíobáin Ardaithe an Tulaigh, ina raibh a lán pléascaí ann le cúpla bliain anuas, mar eilimint luatha de Scéim Athshlánaithe na bpíobán i 2005. Chríochnaíodh an scéim seo go luath i 2006 agus cabhróidh sé le leanúnachas soláthar uisce an Tulaigh a dheimhniú.

TIONSCNAIMH EILE

OIBREACHA CÓIREÁLA FUÍLL UISCE RÁITHÍN DÓRÁIN
Críochnaíodh agus coimisiúnaíodh tógáil Oibreacha Cóireála Fuíll Uisce nua chun cóireáil a dhéanamh ar fhuíoll uisce ó shráid bhailte Ráithín Dóráin agus Baile na mBreathnach i 2006. Dearadh an áis chun caighdeán ard eisilteach a chur amach agus déileálfaidh sé le daonra suas go 500. Bhí tógáil córas séarachais nua i Ráithín Dóráin san áireamh, chomh maith, sa tionscnamh chun ceangal leis na h-Oibreacha Cóireála nua Fuíoll Uisce.

SCÉIM SÉARACHAIS LEITHGHLINN AN DROICHID
Tá obair thógála críochnaithe ar Scéim Feabhsaithe Séarachais Leith-ghlinn an Droichid agus tá coimisiúnú á dhéanamh air anois le haghaidh oibriú seasta.

OIBDREACHA CÓIREÁLA FUÍOLL UISCE
Tá obair thógála críochnaithe ar soláthar áiseanna cóireála séarachas nua nó feabhsaithe ag Ráithín Dóráin, Baile an Chillín, an Bhalún agus Míseal.
Tosóidh obair i 2007 ar Scéimeanna ag An Phailitín, Fíonach, Cluain na nGall, Cill Daibhin agus Ráth Tó.
Feabhsóidh na hoibreacha cóireála nua ag gach sráid bhaile caighdeán an eisiltigh chuig an uisce a ghlacann é ag gach áis agus clúdóidh sé forbairt todhchaí, chomh maith, na sráid bhailte seo, ina raibh fás mór ar siúl iontu go léir le cúpla bliain anuas.

AN TULACH, BAILE HAICÉID & RÁTH BHILE
Tá Innealtóirí Comhairleacha fostaithe ag Comhairle Chontae Cheatharlach chun réamh-thuairiscí a ullmhú do scéimeanna feabhsaithe fuíoll uisce an Tulaigh, Baile Haicéid agus Ráth Bhile. Beidh na tuairiscí seo críochnaithe go luath le súil go rachaidh sé go céim na dtairiscintí go luath i 2007.
SOLÁTHAR UISCE THUAITHE
Chaith Comhairle Chontae Cheatharlach sa bhreis ar €1.5m i 2006 ar réitigh a sholáthar ar scéimeanna soláthar uisce thuaithe nach raibh an caighdeán thar moladh beirte iontu. Tá na scéimeanna seo, a feabhsaíodh i 2006, liostáilte faoi na rannóga seo a leanas;
TÓGADH CEANNAS AR

  • Sreabh
  • Cill Bhríde

SCÉIMEANNA BEAGA

        • An Darach Ríoga
        • an Balún
        • Míseal
        • Palaitín
        • Fíonach, Ráth Tó

NUA AGUS UASGHRÁDÚ

  • Liomanagh
  • Cnoc an Tulaigh

COMHARTHAÍ COMHLÍONADH

 Fán gcéad na samplaí uisce óil a chloíonn leis na Riachtanais reachtúla: (bunaithe ar an dTuairisc ÁC – Caighdeán an Uisce Óil in Éirinn don Bhliain 2005)

  • Cloí Iomlán
  • Bachaillín drólannach faecach

 

 

 

99.5%
100%