SÁBHÁILTEACHT UISCE
Le linn na bliana 2006 do chuir gníomhaíochtaí uisce chontae chaetharlach Clár iomlán de ghníomhaíochta ar siúl in a raibh múineadh scileanna bunúsacha snámha, sábháilteacht uisce, teicnící tarrthála snámha agus mharthanais do gach aois-ghrúpa. Do chuir An Coiste a fhéile shábháilteacht uisce bliantúla do phaistí ar siúl i linn Snámha Mhuinebheag i Mí Iúil- d’éirigh go maith leis an bhfoireann a bhí ag iomaíocht ar son an chontae i ngrád na dtosaitheoirí sna craobhacha i gcurrach Chló, Co. Loch gCarman.
Toisc go raibh na linnte snámha laistigh ar fáil i rith na bliana go léir i nGráig Chuilinn agus in Áth 1 agus go raibh teagascóirí, Múinteoirí agus scrúdaitheoirí oilte ar fáil chomh maith ar bhonn uainchláir bhí éileamh breise ar ard chaighdeán thraenála i sábháilteacht uisce agus i dteicnící tarrthála.
Do bhronn Sábháilteacht Uisce Éireann 4884 teastas orthu siúd a ghlac páirt agus gur éirigh leo cúrsaí Snámha, Sábháilteacht Uisce, Tarrtháil agus Athbheochtan, eagraithe ag an gCoiste Chontae le linn 2006, a chríochnú go sásúil.
D’fhostaigh An Chomhairle Gardaí Tarrthála sna háiteanna snámha go raibh tóir orthu mar Leathghleann an Droichid, Mhuinebheag agus i gClaisghainimh, Buiríos i rith na míonna Iúil agus Lúnasa go ndearna na Gardaí Tarrthála, le linn an ama sin, roinnt áirithe daoine a shábháil ó bhá.
Déanann Údarás Áitiúil Cheatharlach na baoina tarrthala a bhíonn ar iarraidh a mhalártú go rialta agus cuireann said stáisiúin baoinna tarrthala riachtananacha faoi fhaid abhainn an Bheabhra agus ionaid thabhachta eile ar bhruacha Abhainn na Sláine. Tá sé mar chúis imní fós go bhfuil Baoinna Tarrthála á thógáil gan chead ó ionaid thabhachta sna bailte.
Toisc go bhfuil báid phleisiúrtha/phaisinéara ann agus bonneagar mara, ar aon dul leis na hionaid shóisialta/bialanna ardchéimnithe cóngarach do Abhainn an Bheabhra sa Chontae, déanann sé abhainn an Bheabhra an-luachmhar mar ghniomhaíocht thurasóireachta/ phléisiúrtha atá ag méadú de réir a chéile. Tá an-tóir i gcónaí ag iascairí agus ag lucht siúlóide ar Abhainn na Sláine, sa Chontae agus táthar á scrúdú, i láthair na huaire, féachaint an bhféadfai í a fhorbairt a thuilleadh fós, mar áis turasóireachta agus mar láthair áitiúil do chaitheamh aimsire.
Do chuir Coiste Sábháilteacht Uisce an Chontae traenáil sábháilteacht uisce agus a ghnó chun cinn trí’n chlár de ghníomháíochtaí, in a raibh cúrsaí agus comórtaisí in a measc, le linn na bliana 2006.



