SAFETY, HEALTH & WELFARE
Garda Speed Checks For Safer Driving
SAFETY, HEALTH & WELFARE
Typical safety Signs
SAFETY, HEALTH & WELFARE
SAFETY, HEALTH & WELFARE
CARLOW COUNTY COUNCIL ANNUAL REPORT 2006

SÁBHÁILTEACHT, SLÁINTE & LEAS

 

SLÁINTE, SÁBHÁILTEACHT AGUS LEAS


Tá sé mar aidhm dhaingean ag na hÚdaráis Áitiúla i gCeatharlach sábháilteacht, Sláinte agus leas na bhfostaithe uilig agus iad i mbun oibre a chaomhnú, chomh fada in aon chor agus is feídir san a dhéanamh. Ag dul do réir na haidhme seo agus freisin ag glacadh le riachtanais An Acht Oibre 2005/6 faoi Shábháilteacht, Sláinte agus Leas deineadh aithbhreithniú straitéiseach, chun an gá a aithint córas láimhseáil sábháilteachta a bhunú,laistigh den chomhairle chun go ndéanfar de réir an riachtanais seo. De bharr seo beidh ar chumas an chórais na nithe seo leanas a láimhseail ar mhódh níos structúrtha:

  • I gcásanna ina bhfuil baol iontu go dtarlódh timpistí nó droch-shláinte a aithint agus a ainmniú agus na rialacha atá riachtanach chun nach dtarlódh a leithéid
  • Cásanna a fhéadfadh a bheith ina ngéarchéimeanna a aithint agus pleananna a chur ar bun chun timpistí agus droch shláinte a sheacaint i gcás a leithéid de ghéarchéimeanna.
  • Dul i gcomhairle le fostaithe faoi ghnóthaí sláinte agus sábháilteachta i gcoitinne agus nuair a tháthar ag aithint cár dhócha a fhéadfadh timpistí agus droch-shláinte tarlú
  • Déan fostaithe a thraenáil agus a chur ar a n-airdeal faoi chásanna gur dócha go bhféadfadh timpistí agus droch-shláinte tarlú agus na cosaintí a leagan amach
  • Scrúdaigh cásanna in ar tharla timpistí/eachtraí/droch-shláinte nó cásanna gur baolach go dtárlódh siad agus tabhair tuarascáil orthu chun a leithéid a sheacaint arís
  • Scrúdaigh tré chigireacht/ iniúchadh go bhfuil na sochraithe chun timpistí agus droch-shláinte curtha ar bun agus éifeachtach
  • Déan aithbhreithniú ar na cásanna in ar éirigh leo timpistí agus droch-shláinte a sheacaint ag cur san áireamh uimhir na dtimpistí, torthaí iniúchadh agus cigireachta agus stádas na ngníomhartha cosanta

 

COMHAIRLEOIR SLÁINTE & SÁBHÁILTEACHTA

Cheap Údarais Áitiúil Cheatharlach Ms Zena Keane mar chomhairleoir sa phost Sláinte agus Sábháilteachta i Lúnasa 2006. Is post nua é seo laistigh den Chomhairle agus i measg na gcúramaí tá cur i bhfeidhm agus cothabháil córas bhainistíocht sábháilteachta laistigh den chomhairle agus comhairle a chur ar fáil don Chomhairle ar riachtanaisí reachtúla faoi shláinte agus shábháilteacht i gcoitinne.

RÁITEAS SÁBHÁILTEACHT TUISMITHEORA

Deineadh An Ráiteas Sábháiteacht Thuismitheora a leasú agus a thabhairt suas chun dáta i nDeireadh Fomhair 2006. Déanann an doiciméid seo structúr do bhainistíocht sláinte agus cúramaí ar dhaoine stuama laistigh den údarás áitúil. Tá gnáthaimh ann chomh maith faoi thuairisciú timpistí, leas, garcahabhair agus tine agus faoi phleanáil éigeandála.

COISTÍ SLÁINTE AGUS SÁBHÁILTEACHTA:

Tar éis an leasú ar an Ráiteas Sábháilteachta Tuismitheorí cuireadh dhá choiste ar bun i Meán Fhomhair 2006 chun an cur i bhfeidhm rialta ar shláinte agus ar shábháilteacht a chur ar aghaidh:

 

(1) An Coiste Bainistíocht Sábháilteachta ina bhfuil an Stiúrthóir Seirbhísí Tithíochta, Stiurthóir Seirbhísí Bhonneagair Séirbhísí Uisce & Imshaoil, Oifigeach Feidhmeannach Sinseartha, Acmhainní Dhaonna, Príomh Oifigeach Tine, Ceannaire Airgeadais, Innealtóir Sinearach, Seirbhísí Uisce, Cléireach an Bhaile, Ionadaí Shábháilteachta agus Comhairleoir Sláinte & Sábháilteachta. Bíonn cruinniú ag an gcoiste seo dhá uair sa mhí. Is é ról an choiste ná, sláinte agus sábháilteacht laistigh den údarás áitiúil a rialú agus a mheas.

(2) An Coiste Comhairlitheach Sábháilteachta in a bhfuil 11 Iondaithe Sábháilteachta os na ranna éagsúla laistigh den údarás áitiúil, Comhairleoir Sláinte & Sábháilteachta, ball den Choiste Bhainistíocht Shábháilteachta agus an Éascathoir Páirtíochta. Bíonn cruinniú ag an gcoiste dhá uair sa mhí chomh maith roimh an cruinniú den Choiste Bhainistíochta Shábháilteachta. Is é aidhm an choiste ná beartanna atá tógtha chun sláinte agus sábháilteacht gach uile dhuine ins an ionad oibre a dheimhniú agus a bheith á aithbhreithniú i gcónaí agus chun chomhoibriú a chothú idir bhainistiocht agus foireann, cúrsaí sláinte agus sábháilteacht a choinnéail faoi chaibidil, chun módh chumarsáide a chur ar fáil agus chun smaointe a chur chun cinn a chuirfeadh feabhas ar shláinte agus ar shábháilteacht i mbun oibre.

CIGIREACHTAÍ


d’Fhonn gnéithe de shábháilteacht sláinte agus leasa, gur ceart aire a thabhairt dóibh, a aithint, deineadh cigireacht ar roinnt ionad oibre atá faoi smacht ag an Údarás Áitiúil.
In a measc do bhí:

1.         Seirbhísí Sláintíochta- Stáisiúin Chaidéil, Gléasra Chóiréala, Taisceadáin obair bhunaithe Mhéadair Uisce.
2.         Imshaol, Inlíonadh talún, Ionaid Athchúrsála.
3.         Foirgnimh Chontaethe Múseum an Chontae, Lárionaid Phobail.

 

GNÍOMHAÍOCHTAÍ

 

De bharr na gcigireachtaí éagsúla tugadh tús áite do mhóran áiteanna go raibh gá le aire ar leith iontu. Seo leanas liosda des na tionscadail ar cuireadh tús leo i 2006

1.         Cláthacha Slándála ag Gléasra chóiréala(leanúnach)
2.         Malartú clúdaigh dhúnphoill lochtacha agus dréimire rochtain agus bunáitiú ráillí láimhe nua ag stáisiúin chaidéil gléasra chóiréala
3.         Plean éigeandála agus sábháilteacht Thine do Fhoirgnimh Chontaethe
4.         Clár insealbhaithe leanúnach
5.         Córas Bainistíocht Sábháilteacht Bothar
6.         Fáil ar leictreonachas agus módhanna breithmheasa do chonraitheoirí/comhairléoirí
7.         Traenáil Sláinte agus Sábháilteachta - Pas Sábhála CSCS, Spás cúng Slándáil Phearsanta- Láimhseáil Airgid, traenáil faoi eolas ar dhainséir do fhostaithe uilig, mionteagasc do Bhainistíocht faoi chúrsaí Dlí.