BÓITHRE AGUS IOMPAR
Tá gréasán maith bóithre agus iompair thar a bheith tábhachtach do rathúnas eacnamaíochta réigiúin. Tá sé tábhachtach teacht maith a bheith ar Bhaile Átha Cliath, ar chalafoirt, agus ar bhailte an réigiúin. Tá sé gach pioc chomh tábhachtach don fhorbairt eacnamaíochta go bhfuil an gréasán bóithre réigiúnach agus áitiúil coimeádta go maith. Tá sé an-tábhachtach, chomh maith, do ghníomhaíocht sóisialta agus fóillíochta chontae agus dá mhúintear.
BÓITHRE NÁISIÚNTA
Tá an Plean Forbartha Náisiúnta 2000-2006 dírithe don gcuid is mó ar fheabhsúcháin bóthar ar bhealaigh náisiúnta idir-uirbeacha. Maidir le seo tá sé thar a bheith tábhachtach go mbaineann Ceatharlach an tairbhe is mó agus is féidir as an gciste atá ar fáil.
Tá impleachtaí móra ag an mbealach N9/N10 Cill Chuilinn go Port Láirge do Cheatharlach i dtéamaí cheangail an chontae le Baile Átha Cliath agus le Port Láirge agus i dtaobh a phoitéinseal a bhaint amach mar atáthar ag súil faoi na Dréacht Treoirlínte Pleanála Réigiúnacha.
Beidh seachbhóthar bhaile Cheatharlach mar thoradh air seo agus ar thrí acomhal ag Baile an Phaoraigh, Ráth Cruach agus ag Baile Phrumple a sholáthróidh teacht iomlán ar an dé-bhealach ard chaighdeánach nua.
Thosaigh obair ar Seachbhóthar Cheatharlach i 2006 agus tá sé ag dul chun cinn go maith. Tá an dáta críochnaithe measta de Iúil 2008 indéanta. Tá an cuid ó thuaidh den scéim ó Bhaile Phrumple go Cill Chuilinn agus an Chuid ó Dheas ó Bhaile an Phaoraigh go Port Láirge le bheith tosaithe i 2008 le sprioc dáta do chríoch an bhealaigh iomlán do roimh 2010.
DUL CHUN CINN AR THIONSCNAIMH MHÓRA EILE
BÓTHAR FAOISIMH INMHEÁNACH CHEATHARLACH – CÉIM II
D’osclaíodh Bóthar Faoisimh Inmheánaí Cheatharlach Céim 1 don trácht ar an 29ú Deireadh Fómhair 2003. Ceanglaíonn an bóthar an N9 óna acomhal le Bóthar Hanover chuig an timpeallán nua ag Bóthar Baile Staple ag an bealach isteach go h-Eastát Nua Daraí. De bharr an bhóthair nua tá teacht ar an fhorbairt siopadóireachta nua ag Páirc an Aonaigh agus Páirc Miondíola Cheatharlach agus sholáthar sé bealach malartach soir siar sa bhaile. Tógann an bóthar 13,000 feithicle sa ló agus tá sé tar éis an brú tráchta i Sráid na Beairice a ísliú go mór agus ag na h-acomhail mórthimpeall. Tógadh an dara céim den tionscnamh a cheanglaíonn an timpeall ag an Droichead an Phápa nua le páirceanna imeartha Éire Óg ins an tréimhse Lúnasa 2005 go Nollaig 2006 agus d’osclaíodh é don trácht ar an Luan 12ú Nollag. Tá sé mar cheangal soir siar an-thábhachtach don bhaile agus soláthraíonn sé slí eile chun teacht air agus teacht ó cheantar lár an bhaile.
Feabhas ar Phábháil an N9
Lean clár na pábhála i 2006 le obair ar dhá chuid idir Timpeall an Pháirc Gnó ar Thuaisceart Bhaile Cheatharlach agus Teorainn an Chontae le Cill Dara. Tá an chuid tuaithe iomlán den N9 pábháilte anois. An t-aon cuid go bhfuil cóireáil pábhála forleagain riachtanach dó fós ná laistigh de cheantar forbartha Bhaile Cheatharlach.
OIBREACHA FEABHSAITHE PABHÁIL AN N80
Bhí oibreacha feabhsaithe pábhála ar siúl i dtrí áit sa chontae i 2006, siad san
- Baile an Chaisleáin
- Cnoc na Cille
- Balan Go Cros na Claise
Déanadh pábháil ar na trí bóithre ag baint úsáid as bun-chúrsa de mhacadam biotúman tiubh agus asfalt te rollta. Bé an méid iomlán a caitheadh ar an obair seo ná €900,000. Déanadh ath-phábháil ar an gcuid is mó de bhealach an N80 trí Cheatharlach agus beidh an obair críochnaithe le linn na chéad trí bhliain eile.
OIBREACHA PÁBHÁLA AN N81
Caitheadh dáileadh de €450,000 ar phábháil a dhéanamh ar an áit idir Chrosaire Bang Up agus Cros na Claise. Tá an chuid tuaithe iomlán den N81 pábháilte anois agus ard-caighdeán ann.
Scéimeanna ag céim an dearadh/tógála
Bóthar Faoisimh an Deiscirt
Thosaigh obair ar Cheangal Éire Óg de Bhóthar Faoisimh an Deiscirt. Tógadh droichead nua thar Abhainn na Boirne. Ceanglóidh an bóthar seo, atáthar ag súil go leanfaidh an tógáil i 2007, an N80 ag Baile na Carraige le bóthar Uí Bhriain ag Timpeall Éire Óg.
Athlíniú N80 ó Mhuilte Bána go Clais na Croise.
Fuarthas deontas beag ón NRA chun tosú ar dhearadh na coda seo den N80. Táthar ag súil go soláthrófaí ciste breise i 2007 chun an scéim a thógáil trí na próisis reachtúla agus céim éadála na talún leis an aidhm an obair a thosú i 2008.
Bóthar Faoisimh an Tulach
Soláthraíodh ciste chun tosú a chur le dearadh na scéime seo. Táthar ag súil go mbeidh ciste breise ar fáil i 2007 a cheadóidh do phróiseas an dearadh dul chun cinn chuig an pointe ina n-eiseoidh tairiscintí don droichead nua.
COTHABHÁIL BÓTHAR
Sé polasaí na Comhairle ná na bóithre atá ann cheana féin a chothabháil, a fhorbairt agus a fheabhsú agus bóithre nua a thógáil mar a cheadaíonn an phleanáil agus na h-acmhainní.
Tá geasán bóthar de 1,184km i gceantar riarachán Ceatharlach atá déanta suas de:
- Náisiúnta Príomha 24km
- Náisiúnta Tánaisteach 56 km
- Réigiúnach 156 km
- Áitiúil 948 km
Soláthraíonn Údaráis Náisiúnta na mBóithre ciste le haghaidh bóithre náisiúnta, agus i 2006 fuarthas dáileadh de €3,105,900 agus bhí €630,900 ar fáil le haghaidh chothabhála droichid agus carr-bhealaí ar bhóithre náisiúnta príomha agus tánaisteach an chontae.
Tá cothabháil na mbóithre neamh-náisiúnta ag fáil cistíochta ón Roinn Chomh-shaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus fuarthas deontais de €6,935,800 i 2006. I 2006 sholáthar Comhairle Chontae Cheatharlach €974,500 óna h-acmhainní féin le haghaidh cothabháil agus cothú gréasán na mbóithre áitiúla, agus €60,000 eile le haghaidh feabhas a chur ar na bóithre in eastáit tithíochta agus feabhas a chur ar chomharthaí mórthimpeall an chontae.
Clár athchóirithe na mbóithre neamh-náisiúnta
Tá an clár seo dírithe ar dhromchla a chur nuair a bhíonn géar gá leis agus ar fheabhsúcháin pábhála ar bhóithre réigiúnacha agus áitiúla an chontae. Lean an clár feabhsúcháin athchóirithe ilbhliantúil i 2006 le forleagan 32km de bhóithre réigiúnacha agus áitiúla.
Scéimeanna sábháilteachta ar chostas íseal
Soláthraíodh cistíocht trí Údarás na mBóithre Náisiúnta chun athlíniú a dhéanamh ar acomhal an N81 agusR726 ag Cúinne na Cuaiche, Ráth Bhile. Roimhe seo tugadh tosaíocht don mbóthar réigiúnach agus bhí contúirt ann do dhaoine ná raibh aithne acu ar an áit. D’athraigh an t-athlíniú nua ar an acomhal an tosaíocht agus tá an t-acomhal ag feidhmiú go héifeachtach.
Tugadh faoi obair fheabhsúcháin de €58,000 ag Slí Dhubh, Baile na Cré, Crosaire Cill Chluaine, Bóthar Chúirt Fennis, Leith-ghlinn an Droichid. ar na bóithre neamh-náisiúnta.
Scéimeanna Feabhsúcháin Áitiúla
Tá an scéim seo deartha chun feabhas a chur ar lánaí ná fuil faoi chúram an Comhairle Chontae. Soláthraíodh cistíocht ón Roinn Chomh-shaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, trí Chlár a bhfaigheann cistíocht ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus ós na ranníocaíochtaí ós na hiarrthóirí.
COMHARTHAÍ COMHLÍONADH
|
2006 |
Dromchla nua curtha ar bhóithre áitiúla agus réigiúnacha per bliain (méadair cearnacha) |
319,470 |
% de bhóithre áitiúla agus réigiúnacha a fuair dromchla nua per bliain |
6.3 |



