duckets grove
DUCKETTS GROVE
ST-MULLINS
ST MULLINS
CARLOW PARK
DUCKETTS GROVE
CARLOW COUNTY COUNCIL ANNUAL REPORT 2006

CAITHEAMH AIMSIRE & CONLÁISTE

Leanadh le cur i bhfeidhm Clár Áiseanna Chaitheamh Aimsire, Conláiste agus Pobail 2004 – 2009 de chuid na Comhairle i gcónasc leis an gClár Caipitil Il-Bhliantúil 2006 -2010 agus mar thoradh air seo cuireadh chun cinn líon tionscnamh tábhachtach:

PÁIRC FORAOISE RÉIGIÚNACH AG PÁIRC DHARAÍ


D’fhorbair Comhairle Chontae Cheatharlach an Pháirc Fhoraoise ag Páirc Dharaí mar áis chaitheamh aimsire, pobail agus chonláiste. D’osclaíodh an Pháirc Fhoraoise, atá suite ar 127 acra talún a fuarthas ó Teagasc, go hoifigiúil don bpobal ar an Aoine 2ú Meithimh, 2006. Tá sé oscailte gach lá agus moltar do chuairteoirí meas a bheith acu air agus cosaint a thabhairt don Ghnáthóg Aiceanta, don Éiceolaíocht agus don Fhian-bheatha. Tá an Pháirc Fhoraoise mar coillearnach de speiceas measctha aibí le réimse leathan raithneach, caonach agus flóra coillearnach. Soláthraíonn na locha agus an ceantar mórthimpeall orthu gnáthóg le haghaidh ealaí agus lacha, agus tugann na hoileáin fothain do a lán éin fiáine agus do éin fhoghlaeracha.
Síneann Siúlóidí na Coillearnaí amach thart ar 4 ciliméadar le Lúb Choill an Bhuitléirigh (700m), Pasáiste an Locha (800m), Cosán Tearmann an tSionnaigh (1100m) agus Bealach Oileán na Saileach (1,700m) san áireamh. San áireamh sa Pháirc, chomh maith, tá ceantair fóillíochta neamhfhoirmiúla, suímh picnic agus áiseanna radharcacha ar na locha agus ar na hoileáin. Gné mhór agus sainiúil san Pháirc Foraoise an béim atá ar a Insroichte is atá sé do Dhaoine Míchumasacha. Tá na siúlóidí le cláir adhmaid orthu agus coirt na gcrann mar dhromchla orthu a chabhraíonn le lucht an mhí-chumais trí bheith in ann cathaoir rotha teacht orthu ag síneadh ar feadh 3.5 km a ligeann dóibh taitneamh a bhaint as áis an locha, as ionaid picnic agus as ionaid áille Choill an Bhuitléirigh.

TEACH OIDHREACHTA & GÁIRDÍNÍ MUINE DUCKETT


Tar éis do Chomhairle Contae Cheatharlach Muine Duckett a cheannach i 2005, fuarthas ciste ó Fháilte Éireann de €280,500 faoin Scéim Forbartha Táirge Turasóireachta, le haghaidh athchóiriú na ngairdíní balla agus na páirce fóillíochta ag Muine Duckett. Tá an ciste seo á úsáid chun éascú a dhéanamh ar obair, de chostas €600,000, le glanadh suímh agus lomadh crann, obair leasúcháin ar na ballaí cloch agus ar na bealaigh isteach, ath-insealbhú ar na cosáin, na siúlóidí, na tithe gloine agus réimse plandála. Tosaíodh ar obair an tionscnaimh i 2006 agus tá sé le bheith críochnaithe i Meitheamh 2007.
I dteannta leis an gcistíocht seo a fuarthas ó Fáilte Éireann, thug an Roinn Chomh-shaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil ciste de €325,000 le linn 2006 chun leanúint le obair athchóirithe agus uasghrádaithe struchtúr ar an príomh foirgneamh agus ar na foirgnimh amuigh. Sé an méid iomlán a fuarthas ón Roinn Chomh-shaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil go dtí seo ná €1,325,000.

SUÍOMH OIDHREACHTA EAGLASTA NAOMH MOLING


Tá Naomh Moling, i ndeisceart Ceatharlach ar bhruach thoir Abhann an Bharúin, mar cheann des na suímh oidhreachta eaglasta agus uiscebhealach is tábhachtaí in Éirinn. Le linn na bliana 2006 bhí cainteanna leanúnacha ar siúl le úinéirí talún chun ceannach talún a chríochnú a bhaineann le de forbairt Naomh Moling. In Iúil 2006, fuair Contae Ceatharlach ciste de €74,000 ó Fháilte Éireann le haghaidh áit páirceála do bhusanna agus do ghluaisteáin in aice leis an Suíomh Oidhreachta Eaglasta. Tá an ciste á úsáid chun éascú a dhéanamh ar obair de €148,000, le tír-dhreachadh, áiseanna picnic agus cosán do choisithe agus droichid coise chun an cuairteoir a cheangal leis an príomh Suíomh Oidhreachta. Foirmíonn an tionscnamh seo atá maoinithe ag Fáilte Éireann cuid den plean níos mó le haghaidh Suíomh Oidhreachta Eaglasta Naomh Moling agus tá an obair mholta deartha sa tslí go mbeidh chomh-thimpeallacht an tSuímh Oidhreachta thábhachtach á chosaint.

CEANTAR CONLÁISTE AG SLIABH LAIGHEAN


I 2006 d’fhógair an t-Aire Ealaíona, Spóirt agus Turasóireachta ciste de €74,000 le haghaidh Obair Fheabhsaithe Turasóireachta ag Sliabh Laighean. Tá an ciste seo á úsáid chun obair a éascú, de €148,000, le carrchlós, siúlóidí sábháilte, tírdhreachú, suíocháin de adhmad trom, draenáil, dromchlú agus marcáil bóthar áitiúil. Tá comharthaí eolais soláthraithe, chomh maith, leis an aidhm a chur in iúl don cuairteoir/t-siúlaí faoi na radharcacha ar fáil ón bpointe feicthe mór le rá seo. Tá réiteach ráille nádúrtha saineolach soláthraithe, chomh maith, a chuireann teorainn chiallmhar ar an dteacht chuig “Sliabh Bán”. Cuireann an ráille baic seo, i dteannta leis na comharthaí cuí, teorainn le cuairteoirí/lucht siúil chuig an bealach comharthaithe, mar sin ag cur teorainn leis an damáiste don dtírdhreach aiceanta.

IONAD SPÓIRT & FÓILLÍOCHTA CHEATHARLACH


D’aontaigh Comhairle Contae Cheatharlach agus Bord Bainistíochta Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach forbairt ionad fóillíochta a thabhairt chun cinn, le seomra aclaíochta, linn snámh agus gníomhaíochtaí eile dá leithéid san áireamh le bheith tógtha ar Thalamh Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach. Ag dul de réir na dtreoracha i dtaobh achainí poiblí, cuireadh fógra in Iriseán Oifigiúil an AE, ag tabhairt cuireadh do iarratais ó Chomhairleoirí Teicniúla cáilithe cuí chun dearadh iomlán an tionscnaimh a sholáthar ón tús go dtí deireadh an fheachtais. Bhí na hiarrthóirí curtha ar ghearr-liosta agus tar éis agallamh beidh foireann deartha ceaptha sa todhchaí.

SCÉIM ÁISEANNA SÓISIALTA & POBAIL


I 2006, d’fhógair an t-Aire Chomh-shaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, tosú Scéim Áiseanna Sóisialta & Pobail atá dírithe ar obair chaipitil atá déanta trí údaráis áitiúla agus atá deartha chun uasghrádú a dhéanamh ar phobail, déileáil le míbhuntáiste agus feabhas a chur ar aontas sóisialta. Faoi scéim seo, tugadh ciste de €150,000 do Chomhairle Chontae Cheatharlach le haghaidh uasghrádú áiseanna pobail agus spóirt i Ráth Bhile, Co. Ceatharlach le costas iomlán de €300,000.
Bhí pleananna agus moltaí don tionscnamh curtha ar thaispeántas le haghaidh comhairliú poiblí, mar aon leis an Acht Pleanála & Forbartha 2000 (Roinn 4 & 179) agus na Rialacháin Pleanála & Forbartha 2001 (Cuid VIII) le linn 2006 agus fuarthas cead ó bhaill Comhairle Chontae Cheatharlach dul ar aghaidh leis an tionscnamh i n-Deireadh Fómhair 2006.

HALLA SPÓIRT AG MUINE BHEAG


Fuair Comhairle Chontae Cheatharlach mar aon le Coiste Ghairmoideachais Cheatharlach cead ón Roinn Oideachais Halla Spóirt a sholáthar in aice le Gairmscoil Muine Bheag. Tá sé molta go soláthróidh Comhairle Chontae Cheatharlach an áis seo mar mhalairt ar thalamh gur le CGO Chontae Cheatharlach í.

Tá giomnáisiam den scoth le h-áiseanna athruithe, áiseanna ceaintín agus áiseanna fóillíochta a bhaineann leis san áireamh sa mholadh. Bhí an próiseas comhairlithe poiblí déanta le linn Mí na Samhna agus Mí na Nollag 2006, de réir Acht Pleanála & Forbartha 2000 (Rannóg 4 & 179) agus na Rialachán Pleanála & Forbartha 2001 (Cuid VIII).

DEONTAIS FAICHE IMEARTHA


I 2005 cheadaigh Comhairle Chontae Cheatharlach dhá mholadh éagsúla le haghaidh faichí imeartha ag Baile Haicéid agus ag an Bhuiríos Fuarthas ciste de €60,000 le haghaidh na dtionscnamh seo agus críochnaíodh dhá fhaiche imeartha éagsúla i mBaile Haicéid i 2006. Cuireadh forbairt faiche imeartha molta don Bhuiríos ar cheal go dtí 2006 agus d’úsáideadh an ciste chun áiseanna faiche imeartha a sholáthar i Míseal, Co. Ceatharlach.
I 2006, fuair Comhairle Chontae Cheatharlach ciste breise de €120,000 chun faichí imeartha a sholáthar sa Bhuiríos, sa Bhalún agus i bhFíonach.

COMHARTHAÍ COMHLÍONADH

 

  1.  

2006

Méid faichí imeartha do Leanaí per daonra 1,000

  1. a sholáthar an údarás áitiúil go díreach
  2. éascaithe ag an údarás áitiúil

 

faiche imeartha amháin
0

 Méid na gcuairteoirí go dtí an údarás áitiúil a éascaigh áiseanna snámha per daonra 1,000

0