Tuairisc Bhliantúil Seirbhís Leabharlanna
BROLLACH
- Bhí méadú mór ins an úsáid le linn 2006 sa Seirbhís Idirlín Poiblí. Bhí thart ar 28,000 seisiún idirlín i Leabharlann Cheatharlach, Mhuine Bheag agus an Tulach.
- Lorg thart ar 450 pátrún uimhir seisiún chun teacht ar an gClár Leabharlainne Ar Líne.
- Chabhraigh Leabharlann Chontae Cheatharlach leis an gCrios Mic Léinn den suíomh idirlín www.askaboutireland.ie
SEIRBHÍSÍ AR LÍNE
Leanadh le teacht ar ar líne ar na seirbhísí leabharlanna le linn na bliana seo. Is féidir teacht ar an gClár Leabharlainne Ar Líne ó bhaile trí Suíomh Idirlín Chomhairle Chontae Cheatharlach ag tabhairt an cumas do dhaoine féachaint cad iad na hearraí atá sa stoc agus earraí a athnuachan agus a ordú nuair is gá. Thosaigh forbairt Clár ar Líne leanaí i 2006 agus táthar ag súil go mbeidh sé lainseáilte sa bhliain atá ag teacht.
Leathnaíodh an córas Bainistíochta Ordaithe RP amach go Muine Bheag i rith na bliana. Tugann sé seo an seans úsáid iomlán a bhaint as RP Idirlín poiblí agus soláthraíonn sé seirbhís sruthlíneach agus so-úsáidte don fhoireann agus dos na pátrúin.
Leabhair ar iasacht
www.borrowbooks.ie is ea tionscnamh iasachta idir-leabharlanna de chuid Leabharlanna Poiblí na hÉireann agus an Chomhairle Leabharlanna. Tugann sé seo an cumas do bhaill an leabharlainne féachaint ar chláir ar líne leabharlann poiblí na hÉireann chun leabhar, CD nó DVD a fháil agus a lorg ná fuil ar fáil ina leabharlann áitiúil féin. Líonann an úsáidí foirm ordaithe ar líne agus ansin tá iarratas curtha chuig an leabharlann áitiúil chun an earra seo a fháil. Ansin tá an earra seachadta chuig an leabharlann áitiúil le haghaidh bailiúchán ag an iasachtóir. Ghlac Leabharlann Chontae Cheatharlach páirt sa dtionscnamh seo i 2006 ag soláthar seirbhís nua agus nuálaí dá bhaill go léir.
Breathnóir Stairiúil Léarscáil Suirbhé Ordanáis
Lainseáladh Seirbhís Breathnóra Stairiúil Léarscáil Suirbhé Ordanáis. Tá an seirbhís seo mar chomhoibriú idir an Roinn Chomh-shaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus Suirbhé Ordanáis na nÉireann.
Tugann an áis chuardaithe an cumas don taighdeoir baile fearainn nó ceantar uirbeach ar leith a fháil in aon contae in Éirinn. Siad na léarscáileanna atá ar fáil le haghaidh breathnú an sraith 6” i dath (1834 – 1842), 6” dubh / bán (1834 – 1842) agus an 25” dubh / bán (1834 – 1842). Is féidir priontáil den gceantar atá á lorg a fháil. Tá an seirbhís seo mar ábhar shuime mór do thaighdeoirí staire agus ginealais.
Crios Mhac Léinn: www.askaboutireland.ie
D’aighníodh thart ar 4,000 focal insinte agus thart ar 30 íomhá cuí le haghaidh mhodúl Ábhair Phríomha Chrios Mhac Léinn an tsuímh idirlín www.askaboutireland.ie. Fuair Leabharlann Chontae Cheatharlach beagáinín níos lú ná 2,000 Euro i Deontais Chúnaimh ón Roinn Chomh-shaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil le haghaidh na coda seo den dtionscnamh.
STAIDÉIR ÁITIÚIL, BAILIÚCHÁIN AGUS FOILSEACHÁIN ÁITIÚLA
Do fhriotháil an Roinn Staidéir Áitiúil ar thart ar 800 taighdeoir a ghlaoigh isteach iad féin le linn 2006. Tá traidisiún tábhachtach agus ag dul i méid bainteach le fiosrúcháin ríomhphost. Tá turais Ginealais, Ailtireachta, Seandálaíochta agus Léarscáile coitianta ach go háirithe. Tá éileamh rialta ar Páipéir Nuachta ar mhicreascannán, go háirithe eagráin cúl den “Nationalist” agus “Sentinel Cheatharlach”. Leanadh leis an polasaí de gach gné de nithe le suim Áitiúil agus foilseacháin Náisiúnta le ceangal ann le Ceatharlach a fháil i rith bliana. Tá an bailiúchán ó lá go lá de leabhráin, póstaeir, fógráin agus earraí eile mar ghné suimiúil atá ag dul i méid i dtaobh an gné seo den t-seirbhís. Cuirtear na hearraí a bhfaightear ar an gClár Leabharlainne ar-líne atá le fáil ar an idirlíon.
San áireamh ins na foilseacháin mhóra a fuarthas i 2006 tá “Carlow Granite: Years of History written in Stone” ag Michael J. Conroy agus “River Slaney from Source to Sea” ag John Duffy.
Deonaíodh bailiúchán tábhachtach de thart ar 800 leabhar agus iriseán ón iar Leabharlann Taighde chuid Siúcra na hÉireann do Leabharlann an Chontae i mBealtaine 2006. Tá an Bailiúchán á thaispeáint i Roinn an Staidéir Áitiúil de Leabharlann an Chontae. Tá na cásanna leabhar, le gloine ar thosach, mar chuid den deonú.
TAISPEÁNTAIS
Bhí roinnt taispeántas tábhachtach ar siúl i Leabharlann Lárnach Cheatharlach agus i Seomra George Bernard Shaw le linn 2006:
Grianghraif ag Helena Doyle (Grianghrafadóir Áitiúil) in Aibreán
Taispeántas Chumann Grianghraf Cheatharlach i Meitheamh
Leabharlann Péinteála, taispeántas de shaothar Mairéad Ó hEocha i Meitheamh
Taispeántas Iarsmalann Cheatharlach agus Cumann Stairiúil agus Seandálaíochta Cheatharlach i Lúnasa/Meán Fhómhair le linn na seachtaine Oidhreachta.
Printéirí Paróiste Easca i Mí na Nollag
Péintéirí Ghrúpa Gleann na Bearbha i Mí na Nollag.
TIONSCNAIMH NUA
Carlowise.
Thosaigh obair i 2006 ar Carlowise – tionscnamh de chuid Leabharlann Chontae Cheatharlach chun suíomh idirlín eolais lena lán ábhar ann a sholáthar.
Leabharlann Péinteála
Thosaigh tionscnamh nua spreagúil i Leabharlann Lárnach Cheatharlach i Meitheamh 2006. Lainseáladh Leabharlann Péinteála le linn an Taispeántas Éigse i gcónasc leis an ealaíontóir bunaithe Maireád hEocha. Tosaíodh scéim iasachta poiblí inar cuireadh ceithre shaothar ealaíona bunaidh de chuid Maireád ar fáil do bhaill na leabharlanna chun iad a thógáil ar iasacht agus taitneamh a bhaint astu ina dtithe féin. Táthar ag súil go leanfaidh agus go leathnóidh an tionscnamh seo sa bhliain atá le teacht agus go bhfaighfear saothair bhreise de chuid ealaíontóirí eile.
TRAENÁIL
Ghlac foireann de chuid Leabharlann an Chontae páirt i roinnt Cláir Traenála tábhachtacha le linn 2006.
Bhí Traenáil Míchumais “Making Access Happen” éascaithe ag Ms. Maureen Gilbert ón Gníomhaireacht Náisiúnta Míchumais, ar an 25ú Meán Fhómhair ins an Ostán Seven Oaks. Ghlac gach oibrí den Leabharlann páirt ins an siopa oibre dúshlánach ach, an-phraiticiúil seo ár ghnéithe Míchumais agus an Leabharlann. Bhí Seimineár breise eagraithe do Eanáir, 2007.
Traenáil O.S.É.: Do sholáthar Mr. Kevin Brady ó Suirbhé Ordanáis na hÉireann traenáil ar an Seirbhís Mapála Stairiúil ar Líne do gach oibrí na Leabharlainne Lárnaí i Samhain, 2006.
Do fhreastal baill na foirne ar Chláir Traenála ar ghnéithe Míchumais, Cosaint Leanaí agus Meabhraíocht Slándála, a bhí eagraithe ag Comhairle Chontae Cheatharlach i rith na bliana.
Leabharlann CHONTAE CHEATHARLACH AGUS NA MEáIN
I 2006, luadh Leabharlann Chontae Cheatharlach, ar a laghad 200 uair, sa “Nationalist” agus i “Carlow People”. Bhí ócáidí sa cholún “What’s On” den “Irish Times” go rialta, chomh maith, le linn míonna an t-samhraidh. Bhí agallamh déanta le baill Leabharlann an Chontae, chomh maith, faoi Fhorbairtí agus Ócáidí Leabharlanna ar RACC – Raidió Áitiúil Chill Chainnigh-Cheatharlach ar “Off the Record” le Sue Nunn, “Tobar an Cheantair” le Alan Swan agus ar “Down Your Way” le Carmel Brennan. Bhí Ócáidí Leabharlanna ar siúl go minic, chomh maith, ar an “Community Diary”.
SEIRBHÍSÍ DO LEANAÍ:
Seachtain Eolaíochta, 2006
Bhí roinnt siopaí saothair ar siúl do leanaí scoile le linn na Seachtaine Eolaíochta i Samhain, 2006
- An siopa oibre “Bright Sparks” ar aibhléis, tugtha ag Christine Campbell ó “Anyone for Science”
- Mhínigh an siopa oibre réalteolaíochta “Space Encounters”, a bhí éascaithe ag Dr. Ed Barnett, iontais an domhain agus aistir spáis do thart ar 160 dalta ó scoileanna áitiúla.
Cuairteanna ranga
Ghlac thart ar 2,000 mac léinn páirt i gcuairteanna ranga go Leabharlann Lárnach Cheatharlach le linn 2006. Bhí ionadaithe ós na scoileanna seo a leanas: Coláiste Naomh Leo, Acadamh Naomh Mháire, Scoil an Easpaig Foley, Scoil Mhuire Gan Smál, Scoil Naomh Molaise, Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc, S.N. Naomh Fiacc, Scoil Cailíní na Clainne Naofa, Easca S.N. Naomh Sheosaimh agus S.N. Beann Caoire.
Thug ranganna scoile ó S.N. Scoil Muire Lourdes agus ó S.N. Buachaillí Naomh Phádraig cuairt ar Leabharlann an Tulaigh.
Bhí iomlán de 75 cuairt ranga eagraithe ag foireann Leabharlann Muine Bheag do leanaí ó Scoil Naomh Bhríd agus Scoil Naomh Mháire
Kidzone
Lean an Clár Kidzone i Leabharlann Lárnach Cheatharlach le linn 2006. Ghlac nach mór 2,500 páirt i réimse leathan ócáidí. Buaic-phointí ab ea ócáidí a mharcáil Seachtain na Gaeilge agus “Lá Leabhar an Domhain” i Márta.
Thug thart ar 200 leanbh cuairt ar Leabharlann Lárnach Cheatharlach mar chuid dá gClár Campa Samhraidh. San áireamh sna campaí bhí Campa Seirbhísí Óige Cheatharlach, Campa Bóthar an Tulaigh, Gael-champa agus Campa Samhraidh Bhalana.
Fuarthas thart ar 800 iarratas don gComórtas “Design a Bookmark” i gcónasc le Féasta Leabhar na Leanaí i nDeireadh Fómhair.
Ghlac thart ar 550 leanbh páirt i gClár Ceirde na Nollag do Bhunscoile i Mí na Samhna agus i Mí na Nollag.
San áireamh i mbuaic-phointí eile do 2006 bhí cuairt údar ó Aubrey Flegg agus ó David Donohue.
Tráth na gCeist ar Eolas Ginearálta
Chuir Foireann na Lár Leabharlanna Tráth na gCeist ar siúl do dhaltaí as Ghaelcholáiste Chill Chainnigh i rith Seachtain na Gaeilge , i Mí na Márta.
Bhí Tráth na gCeist ar Eolas Ginearálta ar siúl, chomh maith, i Márta le haghaidh Mac Léinn dara leibhéal nuair a ghlac foirne ó Choláiste na Toirbhirte agus ó Choláiste an Chnoic Bhig. Bhí an caighdeán an-ard mar a bhí le feiceáil níos déanaí nuair a bhuaigh Cnoc Beag an duais Náisiúnta is airde i dTráth na gCeist “Examiner” Thomas Crosbie Holdings.
LEABHARLANN AN TULAIGH
Ghlac thart ar 1,200 leanbh páirt i gcuairteanna ranga agus in ócáidí i Leabharlann an Tulaigh le linn 2006. Bhain an locht féachana óg an-thaitneamh as cuairteanna údair ó Aubrey Flegg agus Cherry Brandon.
LEABHARLANN MHUINE BHEAG
Chríochnaigh an fhoireann i Leabharlann Mhuine Bheag an bhliain go buacach le comórtas Cárta Nollag a mheall a lán iontráil ó leanaí ina gceantar scoile féin.
Cuireadh seilfeanna leabharlanna nua isteach sa Leabharlann i Mí na Samhna faoin gClár Rochtain do Gach Aoinne.
Comharthaí Seirbhíse Chontae Cheatharlach
L: Seirbhísí Leabharlanna
- L.1 Uaireanta cloig oscailte don bpobal: méid uaireanta cloig oscailte ar an meán gach seachtain do leabharlainne lán-aimsire
40.4 uaireanta cloig sa t-seachtain
- méid uaireanta cloig oscailte ar an meán sa t-seachtain do leabharlainne páirt-aimsire (nuair a bhíonn siad i gceist)
23.8 uaireanta cloig sa t-seachtain
L.2 Méid na mball leabharlainne cláraithe mar fhán gcéad den daonra áitiúil
17.1%
L.3 Méid na n-earraí eisithe per duine sa daonra (sa chontae/chathair) do:
- Leabhair
3.1 per duine sa daonra
- Earraí eile
0.3 per duine sa daonra
L.4 Fán gcéad na leabharlann a chuireann an Idirlíon ar fáil don bpobal
100%
L.5 Méid na seisiún Idirlín a soláthraíodh per daonra 1,000
557.96



