CARLOW COUNTY COUNCIL ANNUAL REPORT 2006
 
 
 

Mar a fheicfear ón dtuairisc seo, déanadh dul chun cinn mór i 2006 i dtaobh bonneagar nua a sheachadadh agus seirbhísí feabhsaithe.

  • Tosaíodh ar an obair ar Sheachbhóthar Cheatharlach N9/N10 agus tá sé ag dul ar aghaidh go maith.
  • D’oscail Bóthar Faoisimh Inmheánaigh Céim II Cheatharlach.Tá sé seo mar cheangal Soir-Siar tábhachtach do Bhaile Cheatharlach agus soláthraíonn sé slí mhalartach teacht air agus teacht ó cheantar lár an bhaile.
  • Tosaíodh ar an obair ar cheangal Éire Óg de Bhóthar Fhaoisimh an Deiscirt. Tógadh droichead nua thar Abhainn Bhuirne.
  • Tosaíodh ar dhearadh Bóthar Fhaoisimh an Tulaigh.

 

Ins an aicme forbartha agus cur chun cinn na h-eacnamaíochta:

  • Bhí Oifigeach cur chun cinn na h-Eacnamaíochta ceaptha chun Contae Ceatharlach a mholadh mar áit mhaith le haghaidh infheistíochta.
  • Fuarthas 12 acra talún sa Tulach le haghaidh Páirc Ghnó.
  • Lainseáladh feachtas margaíochta agus poiblíochta chun moladh do oibrithe Cheatharlach a scileanna agus a suim a chlárú i dtaobh obair sa chontae.
  • Is suíomh é baile Cheatharlach le haghaidh scéim píolóta náisiúnta do leathanbhanda Wi-Fi chun na costais insealbhaithe a laghdú agus úsáid an leathanbhanda a chur chun cinn trí crua-earraí nuálaí a fhorbairt. Tá suim mhór ar bhonn náisiúnta sa tionscnamh seo.

 

Fuair Bord Forbartha Chontae Cheatharlach cistíocht chun dhá thionscnamh thábhachtacha a chur ar bun a bhí curtha ar bharr an liosta le haghaidh gníomhaíochta i bPlean Bord Forbartha an Chontae 2006 – 2008.

  • Páirtíocht Spóirt Áitiúil Chontae Cheatharlach
  • Ionad Deonaithe Cheatharlach

Bhí a lán buaiceanna i 2006 mar thoradh ar an bpáirtíocht dearfach atá i gCeatharlach idir Pobail, Na Bailte Slachtmhara, Gnóthaí, Scoileanna agus na húdaráis áitiúla.
I gcomórtas na mBailte Slachtmhara:-

  • Fuair Baile Cheatharlach stádas an bhoinn airgid don gcéad uair.
  • Fuair Leith-ghlinn an Droichid Duais an Chontae agus stádas an bhoinn óir don dtríú uair agus bhíodar roghnaithe chun ionadaíocht a dhéanamh do Cheatharlach i dTionscamh an Baile Is Deise de chuid na hÉireann i 2007.
  • Fuair Cluain na nGall Stádas an Bhoinn Chré-Umha agus fuaireadar an Duais Náisiúnta Dátheangach, chomh maith.
  • Fuair Baile Haicéid an Duais Iarrachta

Ins an tSraith Bruscair IBAL, fuair Baile Cheatharlach an stádas saor ó bhruscar arís.

Bhí a lán buaic-phointí ag Comhairle Contae Cheatharlach, chomh maith, i 2006.

  • Ins na Duaiseanna Comhoibrithe Náisiúnta Bród As d’ Áit, fuair Comhairle Contae Ceatharlach an Duais Náisiúnta don údarás áitiúil is fearr.
  • Bhí tionscnamh an Chomhairle Contae ar sheirbhís custaiméara d’ard chaighdeáin mar cheann de aon cheann déag de thionscnamh a bhí ar an ngearr-liosta i gcomórtas Eorpach le haghaidh údaráis áitiúla – duais UDITE de bharr an fheabhsaithe is mó

d’ Éirigh le Comhairle Chontae Cheatharlach roinnt Duaiseanna a fháil ó Chumainn Lucht Tráchtála:

  • An tSeirbhís phoiblí is fearr-Oifigí Cathartha An Tulaigh
  • Ag glacadh le h-éagsúlacht san áit oibre

Bhí dul chun cinn mór déanta i soláthar chaitheamh aimsire agus conláiste:

  • Bhí an Pháirc Fhoraíse Réigiúnach ag Páirc Daraí oscailte don bpobal agus tá fianaise ann go bhfuil sé mar áis le an-tarrach don bpobal
  • Muine Duckett – tosaíodh ar an obair
  • Obair Fheabhsaithe Turasóireachta ag Sliabh Laighin agus ag Naomh Moling.
  • Fuarthas ciste ón Roinn faoi Scéim na n-Áiseanna Sóisialta & Pobail le haghaidh uasghrádú na n-áiseanna pobail agus spóirt i Ráth Bhile.

I dtaobh na tithíochta de, lean údaráis áitiúla Cheatharlach leis an dul chun cinn mór i bPlean Gníomhach Sóisialta & In-acmhainn na Comhairle 2004 – 2008 a dhein an Coiste Polasaí Tithíochta agus Sóisialta athbhreithniú air i 2006. Críochnaíodh scéim mhór de 144 tigh le crèche agus ionad pobail san áireamh ann ag Cnoc a’ Toradh, An Ghráig, Ceatharlach.

Ba mhaith linn ár meas agus ár mbuíochas a ghabháil leis na Baill Tofa, na Cathaoirligh agus le Baill na gCoistí Polasaí Straitéiseacha, na Coistí Ceantair agus an Fhoireann as ucht a ndiongbháilteacht, a gcomhoibriú agus a gcuid tacaíochta i seachadadh na seirbhísí go bhfuil tionchar an-mhór acu ar chaighdeán saoil na ndaoine i gCeatharlach.

Gabhaimid buíochas, chomh maith, leis na pobail áitiúla, na gníomhaireachta tráchtála, na comh-chaidrimh fhorbartha agus na grúpaí deonacha as ucht a rannpháirtíochta dearfaí.

Creidimid go dtabharfaidh an tuairisc bhliantúil seo léargas níos fearr ar réimse leathan na ngníomhaíochtaí a thugann údaráis áitiúla Cheatharlach fúthu chun cur le forbairt eacnamaíochta agus sóisialta.

 

                                               
Michael Abbey,
Cathaoirleach,
Comhairle Chontae Cheatharlach.

                                               
Jim Townsend,
Cathaoirleach,
Comhairle Bhaile Cheatharlach.