HOUSING
HOUSING IN CARLOW TOWN
CARLOW HOUSING
HOUSING CARLOW TOWN

TUAIRISC BHLIANTÚIL 2006 - TITHÍOCHT

 

Sé polasaí Roinn Tithíochta Comhairle Chontae Cheatharlach

  • Go mbeadh lóistín in-acmhainn de chaighdeán ard ar fáil do gach teaghlach, agus é in oiriúint dá riachtanais, agus é suite i dtimpeallach mhaith agus ag áit dá rogha sa mhéid agus is féidir
  • Úinéireacht bhaile a chur chun cinn agus earnáil chíosa buacach, níos éagsúla le dea-bhainistíocht, san aicme poiblí agus príobháideach.
  • Caighdeáin chónaithe agus tógála gach sealúchas a choimeád ag caighdeán ard.
  • Comhthadhall lenár dtionóntaithe agus leis na páirtithe sóisialta chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil na riachtanais reatha agus riachtanais an todhchaí curtha chun cinn go tapaidh.

 

Is féidir le gníomhaíochtaí Comhairle Chontae Cheatharlach mar Údarás Tithíochta a bheith briste síos faoi na ceannteidil seo a leanas:

  • Soláthar agus bainistíocht Tithíocht na Comhairle atá amuigh ar chíos
  • Soláthar deontais féin chabhrach chun an cumas a thabhairt do gach tionónta feabhsúcháin a dhéanamh ar a dtithe
  • Béim a chur ar úinéireacht baile trí na roghanna soláthar tithíochta a mhéadú
  • Feabhas a chur ar an lóistín, le haghaidh sean daoine agus daoine le míchumas orthu, trí chúnamh deontais – scéimeanna Deontas na nDeisiúchán Riachtanach agus Deontas na nDaoine Míchumasacha
  • Soláthar agus bainistíocht lóistín do ghrúpaí soghonta
  • Éascú ar eagraíochtaí tithíochta deonacha agus neamh-bhrabúis ceadaithe i leith soláthar áiseanna tithíochta agus áiseanna coitianta.

 

Coiste Polasaí Straitéiseach Tithíochta & Polasaí Sóisialta

Ag a gcruinnithe, do phlé an Coiste Polasaí Straitéiseach Tithíochta agus Sóisialta, faoi chathaoirleacht Comhairleoir John Pender, na riachtanais straitéiseacha maidir le soláthar tithíochta agus forbairt sóisialta. Ba iad na príomh gnéithe a déanadh scrúdú orthu ná soláthar tithíocht in-acmhainn, scéimeanna deontais tithíochta agus feidhmiú, lóistín don lucht siúil, dáiltí tithíochta, iasachtaí agus tionscnaimh agus lóistíní príobháideacha ar chíos.

Déanadh athbhreithniú lár-téarma ar an bPlean Gníomhach do Thithíocht Sóisialta agus In-acmhainn 2004 -2008 i 2006. Tar éis formhuiniú an Choiste Polasaí Straitéiseach bronnadh an t-athbhreithniú ar Chomhairle Chontae Cheatharlach ag a gcruinniú míosúil i Meitheamh 2006 agus d’aighníodh é le haghaidh cead na Roinne Chomh-shaoil Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil a lorg.

Gníomhaíocht Tithíochta i 2006

Sásaíonn an Chomhairle riachtanas tithíochta daoine trí sholáthar díreach lóistín nó trí chabhrú le daoine a lóistín féin a sholáthar. Cabhraigh obair fheabhsaithe seachas ath-shuíomh i dtigh nua, deontais deisithe riachtanacha agus deontais na ndaoine míchumasacha chun riachtanais a shásamh.

Clár Tithíochta 2006

 

Críochnaithe i 2006

 

Ceannaithe i 2006

 

Obair ar siúl i 2006

Scéim:

an Tulach      1

Scéim:

Míseal            6

Muine Bheag            1

AnTulach      45

Ard Aitinn      6

An Urnaí        1

Muine Bheag            66

An Choill Thoir        1

Ceatharlach  4

Baile Haicéid            16

 

 

CarraigDubh 6

Tuaithe:

 

 

Drom Fia       1

 

Cuid V:

 

 

Coill Fheidhlime, an Tulach            4

Cuid V:

 

 

Coill Fheidhlime, an Tulach           5

 

 

 

 

 

Iomlán:          19

Iomlán            7

Iomlán:           137

San áireamh in aicmí Gníomhaíochta Tithíochta eile i 2006 bhí:

  • I rith na bliana 2006 tugadh cead faoin Acht Pleanála & Forbartha, 2000 (Roinn 4 & 170), Rialacháin Pleanála & Forbartha, 2001 (Cuid 8) le haghaidh na bhforbairtí seo a leanas:
  • 16 Tigh i Ráth Bhile
  • 2 Thigh i gCarraig Dubh
  • Tithe Tuaithe ins an Baile Nua, an Bhuiríos
  • Áis Phobail agus 7 gcinn d’ Árasáin ag Bóthar Darach Ríoga
        • Lean Comhairle Chontae Cheatharlach lena cuid oibre forleathan ar chothabháil phleanáilte a stoc tithíochta. D’athraíodh cócairí breosla soladach i 6 thigh faoi ár gclár cothabhála pleanáilte. Déanadh uasghrádú ar 42 tigh le haghaidh a gcur ar ath-chíos. Déanadh deisithe neafaiseacha, chomh maith, ar 828 sealúchas atá amuigh ar chíos.

 

        • I 2006 cuireadh chun cinn tionscnamh clár an teas lárnaí a thug an Roinn Chomh-shaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil isteach i 2004. Tugann an clár an cumas do Chomhairle Chontae Cheatharlach méadú a chur ar líon na díthe Comhairle ina chuir siad teas lárnach isteach iontu. Faoin dtionscnamh tá uasmhéid de €5,600 per tigh le haghaidh costas an teas lárnaí soláthraithe ó Chistí an Rialtais Lárnach leis an chuid eile de á sholáthar ag an gComhairle. Soláthraíodh teas lárnach i 65 tigh de chuid an údarás áitiúil le linn 2006.

Tugann Scéim Teilgin an tSeomra Codlata an cumas tithe Comhairle a bheith leathnaithe chun deireadh a chur le plódú. Críochnaíodh teilgean seomra codlata amháin i 2006.

 

        • Le linn na bliana 2006 bhí méadú an-mhór ar an gníomhaíocht i leith Deontais na nDaoine le Míchumas Orthu agus Deontais na nDeisithe Riachtanacha mar seo a leanas:
        • Fuarthas iomlán de 173 deontas DPG sa tréimhse ó 01/01/2006 go 31/12/2006. Ceadaíodh 105 des na deontais seo le luach iomlán de €1,193,873.10.

 

        • Fuarthas 208 iarratas i 2006 i leith Deontas na nDeisithe Riachtanacha le 173 iarratas ceadaithe agus luach iomlán de €675,749.00
        • De bharr an méadú ar mhéid na n-iarratas DPG / ERG agus an ráta ama níos tapúla i dtaobh déileáil leis na h-iarratais seo déanadh iarratas le haghaidh dáileadh méadaithe chuig an Roinn Chomh-shaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil. Ceadaíodh an t-iarratas seo agus méadaíodh an dáileadh ó €570,000 go €966,000.

 

        • Baineadh úsáid as 15 Iasacht Úinéireachta Roinnte agus Ceannaithe Tithíochta i 2006, agus bé luach iomlán air seo ná €2,053,875

 

        • Deisíodh 4 thigh ar scála mór faoin scéim Obair Fheabhsaithe in Ionad i 2006 le Obair Fheabhsaithe in Ionad amháin eile ag dul ar aghaidh ag deireadh na bliana.
        • Ceannaíodh 23 tigh faoi Scéim Ceannaithe na dTionóntaithe i 2006.

 

        • I 2006, faoi Cuid V den Acht Pleanála & Forbartha 2000 críochnaíodh cainteanna maidir le ceannach 5 aonad sóisialta agus 7 n-aonad in-acmhainn sa Tulach agus i gCeatharlach.

 

        • Le linn na bliana 2006 críochnaíodh athnuachan Áis Lucht Siúil Bestfield go substaintiúil.

Tithíocht Deonach
Leanann ról tábhachtach soláthar lóistín trí an Scéim Fóirdheontais Iasacht Chaipitil agus an Scéim Deontais Chúnamh i dtaobh riachtanais tithíochta na Comhairle a shásamh.

  • Mar chuid den Scéim Tithíochta Comhtháite ag Bóthar Darach Ríoga, Muine Bheag, tá Respond ag tógáil 28 n-aonad tithíochta faoin Scéim Cúnaimh Caipitil agus 12 aonad faoin scéim Fóirdheontais Iasacht Caipitil. Dáileadh 15 aonad tithíochta faoin Scéim Cúnaimh Caipitil agus 12 aonad faoin Scéim Fóirdheontais Iasacht Chaipitil do thionóntaí a thógfaidh suas a dtionóntacht go luath i 2007.
  • Tá an Roinn Chomh-shaoil, Oidhreachta & Rialtais tar eis cead réamh-thairiscintí a thabhairt don Scéim Cúnaimh Caipitil molta 26 aonad de chuid Respond ag Feirm Naomh Phroinsias, an Tulach.
  • Tá Tinteán tar éis foireann deartha a cheapadh le haghaidh tógáil scéim 35 go 40 tigh ar an dtalamh atá fágtha ag Tigh-an-Raoirenn.

 

Soláthar Do Dhaoine Gan Dídean

Leanann ról tábhachtach Naomh Uinseann De Pól i dtaobh a riachtanas siúd atá ag lorg lóistín éigeandála a shásamh. Lean Comhairle Chontae Cheatharlach lena cuid tacaíochta airgeadais don iostán le linn 2006.

Comharthaí Seirbhíse Náisiúnta

Méid iomlán na dtithe ins an Stoc Ú.Á.

 

1302

% iomlán na dtithe atá ar chíos

 

98.6

% iomlán na dtithe atá folamh

 

1.4

% iomlán na díthe atá faoi scéimeanna athnuachana móra

 

5.55

% na dtithe folamh ná fuil ar fáil le haghaidh chíosa

 

55.55

% iomlán na dtithe folamh atá ar fáil le haghaidh chíosa

 

38.9

Méid ama ar an meán a thóg sé na tithe a chur ar ath-chíos atá ar fáil le haghaidh chíosa

 

2.96

Méid na ndeisithe a críochnaíodh mar % des na hiarratais bailí le haghaidh deisithe a fuarthas

 

94.6

Méid ama ar an meán a thóg sé a chur in iúl dos na hiarrthóirí faoi bhreith an Ú.Á.. ar

  • úinéireacht roinnte
  • scéim na n-iasachtaí tithíochta
  • tithíocht an údaráis áitiúil

 

 

 8.47 (lá)

4.3 (lá)
52.48 (lá)

Méid iomlán de chlanna an lucht siúil a fuarthas lóistín dóibh mar % des na spriocanna a leagadh síos i gclár áitiúil lóistín don lucht siúil

 

160