SEIRBHÍS TINE & TARRTHÁLA CHONTAE CHEATHARLACH
Sé aidhm Údarás Tine Comhairle Chontae Cheatharlach ná an pobal a chosaint ó tine agus saol agus sealúchas a chosaint.
Soláthraíonn Seirbhís Tine agus Tarrthála Contae Cheatharlach seirbhís iomlán tine don bpobal 24 uair a chloig sa lá gach lá den bhliain
RÉAMHRÁ
Sé ceantar feidhmeach Údarás Tine Comhairle Chontae Cheatharlach ná Contae riaracháin Ceatharlach mar atá sé sainmhínithe in Acht (Éire) an Rialtais Áitiúil 1899, agus Acht an Rialtais (Ath-Eagrú) Áitiúil, 1985. Tá Ceantar Uirbeach Ceatharlach san áireamh ann, chomh maith. Tá an Stáisiún Tine mar eagraíocht de Fhoireann Teicniúil agus Riarachán agus de Phearsanra Troda-Tine Coinnithe a bunaíodh agus a coimeádadh i gcomhréir le Rannóg 9 agus 10 de Acht na Seirbhísí Tine, 1981.
I 2006 bhí Seirbhís Tine & Tarrthála Contae Ceatharlach i láthair ag 531 eachtra, ina raibh 352 glaoch tine, 60 tionóisc bóthar, 51 glaoch seirbhís speisialta agus 68 glaoch bréagach.
EAGRAÍOCHT
Tá ceithre Bhriogáid Tine Coinnithe i gContae Ceatharlach mar seo a leanas:
|
|
Tá ceithre Oifigeach Tine Sinsearacha Seasta – Príomh Oifigeach Tine agus beirt Phríomh Oifigeach Tine Sinsearacha Cúnta, atá lonnaithe ins an gCeann-cheathrú Tine agus Tarrthála i Stáisiún Tine Cheatharlach.
Tá gach briogáid tine faoi smacht láithreach Oifigeach Stáisiúin, a bhfuil Fo-Oifigeach amháin nó dhá cheann aige. Tá Meicneoir Tiomána amháin nó dhá cheann ag gach briogáid, ag braith ar mhéid na bhfearais ag áit ar leith. Bíonn idir naonúr go ceathrar déag trodaithe tine fostaithe i ngach stáisiún ag braith ar an gceantar atá friotháilte ag an mbriogáid. Tá gach ceann de bhaill an bhriogáid fostaithe ar bhonn sealadach páirt-aimsire coinnithe seachas Oifigeach Stáisiúin amháin i gCeatharlach. Is daichead a cúig líon an phearsanra atá coinnithe sa Chontae.
FEARAIS TINE
Siad na ceithre fearais ceann líne i ngach ceann des na ceithre stáisiúin ná Iompróirí Uisce Rang B, ag iompar 1,800 lítear uisce agus tá caidéil il-bhrú Godiva 2,250 lítear per nóiméad iontu. Ina theannta seo tá líon fearais speisialta sa Chontae.
Ardán Hiodrálach SS 220 bunaithe i gCeatharlach a chlúdaíonn rioscaí trádála agus tionsclaíocha i gCeantar Uirbeach agus Contae Ceatharlach. Tá sé ar fáil dos na contaetha in aice láimhe, chomh maith, más gá. Tá trí Tancaeir Uisce cruach gan smál 9,000 lítear sa Chontae, suite i gCeatharlach, sa Tulach agus i Muine Bheag. Iompraíonn iompróir éigeandála, atá bunaithe i gCeatharlach, réimse leathan gléasra tarrthála agus speisialta le cultacha ceimiceacha agus gléasra chun déileáil le heachtraí ceimiceacha san áireamh.
I 2006 seachadadh na feithiclí seo a leanas le cabhair ciste ón Roinn Chomh-shaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil:
- Dhá Fhearais Tine nua, suite i Stáisiúin Tine Cheatharlach agus an Tulaigh.
- Feithicil Tiomána 4-Roth nua.
- Tancaer Uisce suite sa Tulach.
Bíonn iarratais déanta ar bhonn leanúnach don Roinn Chomh-shaoil le haghaidh fearas nua a fháil.
STÁISIÚIN TINE
Tá ceithre Stáisiún Tine i gContae Ceatharlach sonraithe mar seo a leanas:
Críochnaíodh Stáisiún Tine Ceanncheathrú Cheatharlach i Meán Fhómhair 2002 agus tá na h-áiseanna go léir acu atá riachtanach do Stáisiún Tine Ceanncheathrú agus tugann sé ardú céime mór do íomhá agus do mhóráil seirbhís na tine sa Cheantar Uirbeach agus sa Chontae araon.
Stáisiún Tine Muine Bheag: Foirgneamh dhá bhá a tógadh i 1990. Tá clós druileála sa stáisiún agus túr traenála, tanc uisce faoin dtalamh agus píobán uisce le h-aghaidh tine.
Stáisiún Tine an Tulaigh; I 2006 fuarthas tairiscintí le haghaidh tógáil stáisiún tine nua sa Tulach. Táthar ag feitheamh ar chead ón Roinn Chomh-shaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, chun dul ar aghaidh chuig céim na tógála.
Stáisiún Tine Baile Haicéid: I 1999 tógadh stáisiún nua dhá bhá ag Baile Haicéid le réimse áiseanna traenála ann le haghaidh trodaithe tine. Le linn 2005 críochnaíodh an áis traenála B.A. i mBaile Haicéid. Bhí an tionscnamh seo maoinithe ag an Roinn Chomh-shaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, agus ag Comhairle Chontae Cheatharlach. Tugann an áis an cumas traenála a bhí againn uair amháin sa t-sean clós innealra ar ais dúinn agus tá sé tar éis torthaí fónta a thabhairt, cheana féin.
TRAENÁIL
Sé polasaí an Stáisiún Tine ná deimhin a dhéanamh de go bhfaigheann na trodaithe agus na hoifigigh tine go léir an traenáil chuimsitheach is mó suas chun dáta chun an cumas a thabhairt dóibh a gcuid dualgais a chomhlíonadh ar bhonn éifeachtach agus go sábháilte.
Cúrsaí / Traenáil a freastalaíodh orthu i 2006
- Cúrsa Atáille B.A. aon lae do gach trodaí tine
- Traenáil Tiomána Saineolach
- Traenáil Mheabhraíochta Uisce
- Cúrsa do Oibreoirí Ardán Hiodrálach
- Cúrsa ar Earraí Dainséaracha
- Smacht san Mhodh Oibre
- Cúrsa Innealtóireachta Tine
- Traenáil Ríomhaireachta
Ina theannta seo, soláthraíodh áiseanna ath-bheoga croí i stáisiún tine an Tulaigh agus tá gach trodaí tine traenáilte chun iad a úsáid.
I 2006 dhein grúpa ó Seirbhís Tine agus Tarrthála ionadaíocht ar Éirinn i gComórtas láimhseála Tionóisc Bóthar de chuid Eagraíochtaí Tarrthála an Domhain san Afraic Theas agus chríochnaíodar san 15ú áit as 27 tír a chuir isteach air.
COSC TINE
RUDAÍ GO MBÍONN AN POBAL AG SÚIL LEO Ó SEIRBHÍS ARD-CHAIGHDEÁNACH
Tá athrú sonrach ar na rudaí go mbíonn an pobal ag súil leo ó sheirbhís ard-chaighdeánach. Tá fás tar éis teacht ar Sábháilteacht/Cosc Tine le roinnt blianta anuas le tabhairt isteach Reachtaíocht nua agus Rialacháin Smachta Tógála. Tá an obair seo déanta don gcuid is mó ag Oifigigh Shinsearacha na Seirbhíse. Tá an tseirbhís tine go mór chun tosaigh, go h-áirithe maidir leis seo de bharr feachtais fógraíochta, meabhraíocht sábháilteachta tine méadaithe agus reachtaíocht chéimneach. Faighimid níos mó agus níos iarratas le haghaidh chomhairle agus cabhrach ón bpobal.
ACHT NA SEIRBHÍSE TINE
Cuireann Roinn 18 den Acht seo cúram áirithe ar na hÚdaráis Tine cigireacht a dhéanamh, na lochtanna agus na hoibreacha leasúcháin go bhfuil gá leo a liostáil, cabhrú le cláir traenála foirne agus comhairle a thabhairt do úinéirí tithe gnó.
TEASTAIS SÁBHÁILTEACHTA TINE
I Lúnasa 1992 tháinig riachtanais Teastas Sábháilteachta Tine i bhfeidhm. Tá Teastais Sábháilteachta tine tar éis casadh amach mar an chuid id mó d’ár gcuid oibre de bharr an mhéadú ar líon agus ar chastacht na n-iarratas. Bhí 116 Iarratas Sábháilteachta Tine curtha faoi bhráid na Seirbhíse tine le haghaidh measúnú agus tuairisciú i 2006. Tá cuid mhór d’ár gcuid ama caite ar chomhairliúcháin agus ar chainteanna réamh-aighnithe le dearthóirí agus le hiarrthóirí.
Comharthaí Comhlíonadh na Seirbhíse Tine
E3 Méid ama ar an meán a thóg sé na Briogáidí Tine a sheoladh chun bóthair
Stáisiúin Coinnithe |
Meán an Chontae |
Méid ama ar an meán a thóg sé na Briogáidí Tine a sheoladh chun bóthair |
5.24 Nóiméid |
E4 % an fhreastail ag eachtraí i gcás
|
Meán an Chontae |
|
|
% an chéad fhreastal ag eachtra laistigh de 10 nóiméid |
57% |
% an chéad fhreastal ag eachtra laistigh de 20 nóiméid |
32% |
% an chéad fhreastal ag eachtra tar éis 20 nóiméid |
11% |
E.5 Cosc Tine
Méid iomlán na n-iarratas do theastas sábháilteachta tine a fuarthas 116
Méid iomlán na n-iarratas do theastas sábháilteachta tine a próiseáladh 111



