CONFERENCE ATTENDED BY COUNCILLORS 1ST JANUARY, 2006 TO 31ST DECEMBER, 2006

SEIRBHÍSÍ CORPARÁIDEACHA


Tá Roinn na Seirbhísí Corparáideacha freagrach as soláthar agus bainistíocht réimse an-leathan seirbhísí go bhfuil san áireamh ann: Cruinnithe Grúpa na Comhairle agus an Pholasaí Corparáideach, Deontais don Ard Oideachas, Clár na dToghthóirí, Saoirse Eolais agus Seirbhísí Custaiméirí.

DEONTAIS DON ARD OIDEACHAS


Tugann Comhairle Chontae Cheatharlach amach deontais le haghaidh Ard Oideachas do dhaoine intofa de réir fhorálacha Achtanna ( Ard Oideachas) na nÚdarás Áitiúil, 1968 go 1992 agus na dtéarmaí atá leagtha amach ins an Scéim Deontais Ard Oideachas reatha.

Chun bheith i dteideal deontas a fháil faoin scéim caithfidh an t-iarrthóir na coinníollacha a shásamh i dtaobh áit cónaithe, aois, cáilíochtaí acadúla, náisiúntacht agus acmhainn. Sé luach an deontais chothabhála iomláine le haghaidh 2006 ná €3,110. Tá Táille Seirbhíse an Mhic Léinn díolta díreach chuig an Coláiste/Institiúid i leith iarrthóirí a cháilíonn don deontas cothabhála.

Bhí caiteachas de €1.4 milliún ag Comhairle Contae Ceatharlach i 2006. Ach, is féidir an caiteachas ar na Deontais do Ard Oideachas a fháil ar ais ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta ach amháin don ranníocaíocht socraithe de €6,400 atá iníoctha ag an údarás áitiúil seo faoi Roinn 3 de Acht (Deontais do Ard Oideachas) an Údaráis Áitiúil, 1968.

CLÁR NA DTOGHTHÓIRÍ


Tá Clár na dtoghthóirí foilsithe ar bhonn bliantúla. Sé atá i Rolla na dToghthóirí ná liosta de gach aoinne atá ós cionn 18 bliana déag d’aois go bhfuil cónaí orthu sa chontae agus atá i dteideal vótáil i dtoghcháin don Dáil, Parlaimint na hEorpa, Uachtaráin, Toghcháin Áitiúla agus Pobal Breith. Sé méid iomlán na dtoghthóirí atá cláraithe chun vótáil i Rolla na dToghthóirí 2006/2007 ná 39,902. Tá an figiúr briste síos de réir an cheantair thoghchánaigh agus de réir an chineáil toghthóra mar seo a leanas:

 

Ceantair Thoghchánach Áitiúla

Líon na dToghthóirí

An Bhuiríos

5,250

Ceantar Áitiúil Toghchánaigh Cheatharlach Uimh. 1

4,866

Ceantar Áitiúil Toghchánaigh Cheatharlach Uimh. 2

10,114

Muine Bheag

9,458

An Tulach

10,214

 

  • 39,140   Toghthóir Uachtaráin
  • 36,053   Toghthóir Dála
  • 39,607   Toghthóir Eorpach
  • 28  Toghthóir Eorpach Dóighiúla

Bhain na sonraí seo a leanas le Vótálaithe Poist agus Speisialta:

• 6 Garda
• 140        Na Fórsaí Cosanta
• 7             Trí an Post do Míchumas
• 183        Speisialta Míchumas

SEIRBHÍSÍ TRÉIDLIACHTA


Comhlíonann Cigire Tréidliachta lán aimsire an conradh seirbhíse idir Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann (USBE) agus Comhairle Chontae Cheatharlach.  Déanann an Cigire Tréidliachta feidhmeanna éagsúla a bhaineann don gcuid is mó le sábháilteacht bia agus sláinte poiblí. Tá oifig an Chigire Tréidliachta suite san Oifig Chathartha, An Tulach.

SMACHT GADHAR


De réir Acht um Smachtú Gadhar, 1986 agus 1992 ní foláir ceadúnas a bheith ag gach gadhar agus gach Bothán Gadhair Cosanta, seachas iad san atá in úsáid go hiomlán ag na Gardaí, na Fórsaí Cosanta agus ag an tSeirbhís Custaim agus Máil. Déanann Roinn 2 den Acht coir as duine gadhar a choimeád mura bhfuil ceadúnas aige/aice don gadhar san nó ceadúnas ginearálta a chlúdaíonn líon gadhar ag áit sonraithe. Ritheann Comhairle Chontae Cheatharlach agus Comhairle Chontae Chill Chainnigh Chomh-Sheirbhís Maor Ghadhar le beirt Mhaor Gadhar. D’ Oscail Póna gadhar den scoth ag Baile Phóil i 2006 a fuair cistíocht ó Chomhairle Chontae Cheatharlach agus ó Chomhairle Chontae Chill Chainnigh.

Méid na gCeadúnas Eisithe:                  2308
Méid na nGadhar a bhí curtha sa phóna: 245

Méid na bhfíneál eisithe:                               121

TITHE CÚIRTE


Leanann Comhairle Chontae Cheatharlach ag déanamh cothú ar Thithe Cúirte Mhuine Bheag agus an Tulaigh. Is féidir an caiteachas ar fheidhmiú agus ar chothú an tí cúirte a fháil ar ais ó Sheirbhís na Cúirte.

CRÓINÉIRÍ AGUS ATHBHREITHNITHE


Tá cróinéir páirt-aimsire fostaithe ag Comhairle Chontae Cheatharlach chun athbhreithniú agus deimhnithe iar-bháis a eisiúint. I 2006 bhí 76 bás tuairiscithe le 12 scrúdú iar bháis agus 27 athbhreithniú déanta ag an gcróinéir.

PÁIRTÍOCHT SAN LÁTHAIR OIBRE


Le linn 2006 lean an próiseas nithe a thabhairt suas chun dáta agus bainistíocht a dhéanamh ar athrú trí páirtíocht trí phróiseas tionscnamh áitiúil a neartú agus trí chur cur i bhfeidhm na bpolasaithe náisiúnta. Faoi “Dul Chun Cinn a Chothú” agus “Comhaontais i dTreo 2016” caithfidh méadaithe faoi Thagarmharcáil a bheith deimhnithe i gcoinne gealltanas aontaithe agus modhanna so-lúbtha. Dhein Grúpa Deimhnithe an Chomhlíonadh a bunaíodh faoin bpróiseas seo iniúchadh ar Údaráis Áitiúla Cheatharlach ar an 5ú Aibreán 2006 agus bhíodar sásta go raibh na hÚdaráis Áitiúla ag comhlíonadh a ngealltanas faoin bpróiseas. Rud an-thábhachtach ina gcuid bhreithnithe ab ea ról gníomhach na Páirtíochta i seachadadh na n-athruithe. Seo a leanas is ea roinnt des na tionscnaimh a tugadh isteach/a bhí seachadta i 2006.

  • Soláthar scrúdaithe Sláinte don fhoireann.

  • Seirbhís uile-choiteann

  • Traenáil Seirbhís Chustaiméara le haghaidh iad san a bhuaileann leis an bpobal

  • Leanúint le cur chun cinn ar an dtionscnamh Filleadh ar fhoghlaim

  • Traenáil struis san láthar oibre le haghaidh Foireann na Seirbhíse Tine

  • An fhoireann go léir eisithe le peidiméadair mar chuid de chur chun cinn sláinte san láthair oibre

  • Tacaíocht leanúnach do PMDS

  • Foilsiú iris leabhar na foirne

  • Cóisir don fhoireann atá éirithe as

CÓRAIS FHORBARTHA CHOMHLÍONADH BAINISTÍOCHTA


Sé prionsabal an CFCB ná rannpháirteachas méadaithe a fhorbairt i bpróiseas forbartha an ghnó agus pleananna forbartha pearsanta a fhorbairt i leith na foirne go léir. Is é an tslí an Plean Chorparáideach a nascadh le Pleananna Gnó agus mar sin cabhraíonn sé le seachadadh seirbhísí na Comhairle.
Athróidh an próiseas údaráis áitiúla Cheatharlach ina h-eagraíocht fhoghlamtha oscailte le soláthar seirbhíse uasghrádaithe dár scairshealbhóirí go léir. Traenáladh beirt bhall den fhoireann chun an próiseas a thabhairt isteach trasna na heagraíochta. Seoladh an córas chuig gach rannóg i 2006.

SAOIRSE EOLAS


Tugann na hAchtanna Saoirse Eolais (ASE), 1997-2003 3 cheart dlíthiúil dóibh siúd atá ag iarraidh teacht ar eolas atá ag eagraíochtaí poiblí atá clúdaithe ag an Acht:

  • An ceart teacht ar thaifid oifigiúla a cruthaíodh i ndiaidh an 21ú Aibreán, 1998 atá coimeádta ag Ranna Rialtais nó ag eagraíochtaí poiblí eile faoi smacht an Achta

 

  • An ceart sonraí pearsanta ar thaifid oifigiúla a bheith ceartaithe nó tugtha suas chun dáta nuair atá eolas dá leithéid neamhchríochnaithe, mícheart nó míthreorach agus
  • An ceart cúiseanna a fháil le haghaidh breitheanna ag eagraíochtaí poiblí a chuireann isteach ar an iarrthóir.

Caithfidh iarratas do eolas faoin Acht Saoirse Eolais a bheith déanta, i scríbhinn; i dteannta leis an táille cuí (i.e. €15 nó €10 i gcás duine atá clúdaithe le cárta liachta) agus ba chóir dó a insint go bhfuil an t-eolas á lorg faoin Acht Saoirse Eolais. Bhí méid na n-iarratas a fuarthas faoin Acht Saoirse Eolais le linn 2006 mar seo a leanas:-

Méid na n-Iarratas tugtha ar aghaidh ó 2005

0

Méid na n-iarratas a fuarthas i 2006

15

Méid na n-iarratas a ceadaíodh

14

Cásanna Beo ag an 31ú Nollaig 2006

1

 

Méid na n-Athbhreithnithe Inmheánacha a Fuarthas

2

Méid na n-Achomharc chuig an Choimisinéir Eolais

0

Foinsí na n-Iarratas

Iriseoirí 2: Gnó 4: Foireann 1: Custaiméirí 1: Eile 7.

 

FEAR AN PHOBAIL


Bunaíodh oifig an Fhir Phobail chun scrúdú a dhéanamh ar ghearáin ó bhaill an phobail a mheasann gur déileáladh leo go míchothrom ina gcuid gnó le eagraíochtaí mar Ranna Rialtais, Údaráis Áitiúla agus Boird Sláinte.

  • Gearáin tugtha ar aghaidh ó 2005 - 6

  • Gearáin faighte - 6

  • Gearáin a tugadh freagra iomlán orthu - 8

  • Ábhar na nGearán -Tithíocht, Pleanáil, uisce/séarachas

 

NASCADH


Do nasc Contae Cheatharlach le Davenport IOWA SAM ag cruinniú speisialta de chuid Chomhairle Chontae Cheatharlach a bhí ar siúl ar an 26ú Meán Fhómhair 2006. Tá Ceatharlach nasctha, chomh maith, le Droichead na Banna, Co. an Dún agus le roinnt blianta anuas leanadar ag cruthú ceangail láidre leis an bpobal seo.

SAOIRSE CHEATHARLACH
Ar an 23ú Meithimh, 2006 ag searmanas i gColáiste Naomh Phádraig, tugadh Saoirse Cheatharlach, don gcéad uair riamh, don Athair Caoimhín O’Neill, Coláiste Naomh Phádraig, Ceatharlach agus don Ollamh Jimmy Burke, Teagasc, Ceatharlach. Bheartaigh Baill Chomhairle Chontae Cheatharlach onóir shibhialta a bhronnadh ar an Athair Caoimhín O’Neill mar aitheantas ar a chuid oibre ar an ionad ealaíona i gCeatharlach; ar oideachas agus ar an saol ealaíona agus cultúrtha i gCeatharlach agus ar an Ollamh Jimmy Burke mar aitheantas ar a chuid oibre ar fhorbairt Páirc Foraoise ag Páirc Daraí; ar a chuid oibre ar fhorbairt talmhaíochta agus eacnamaíochta sa Chontae.

 

MÍCHUMAS


Cuireann an t-Acht Míchumais 2005 réimse cúramaí ar Údaráis Áitiúla

  • Teacht uilíoch ar áiteanna poiblí, foirgnimh agus seirbhísí gur leis na h-údaráis áitiúla iad a chur chun cinn

  • Teacht ar fhoirgnimh agus ar shuímh oidhreachta a chur chun cinn, sa mhéid is go bhfuil sé praiticiúil,

  • Teacht ar eolas a chur chun cinn ar seirbhísí na n-údarás áitiúla i slite insroichte (SUÍMH IDIRLÍN)

  • Slí isteach soghluaiste a chur chun cinn do dhaoine le míchumas orthu ar áiseanna áitiúla agus conláistí. (Faichí Imeartha, Páirceanna agus Stáisiúin Vótála)

Cheadaigh an t-Oireachtas an Plean Earnála le haghaidh Údaráis Áitiúla ar an 18ú Deireadh Fómhair 2006. Tá i gceist ag an bPlean Earnála comh-deiseanna a chur ar aghaidh agus a mholadh do dhaoine le míchumas orthu chun páirt a ghlacadh i saol eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha an phobail agus imlíníonn sé na céimeanna gur chóir a thógáil maidir le soláthar seirbhísí feabhsaithe do dhaoine le míchumas orthu ag na h-údaráis áitiúla.

Caithfidh gach údarás áitiúil iniúchtaí insroichte a dhéanamh laistigh de sé mhí tar éis ceadú an Phlean Earnála ag an Oireachtas i dtaobh gach foirgneamh poiblí, páirceanna poiblí, conláistí, spáis oscailte, bóithre, sráideanna, pábhálacha agus bealaigh trasnaithe na gcoisithe, suímh oidhreachta agus leabharlannaí poiblí atá faoina gcúram. Caithfear an plean cur i bhfeidhm a bheith ullmhaithe laistigh de thrí mhí tar éis na n-Iniúchtaí insroichte.

Bhí an fhoireann seo a leanas ceaptha mar Oifigigh Insroichte de réir an Achta Mhíchumais 2005:

An Timpeallacht Forbartha            Owen O Céilleachair, A/Príomh Oifigeach,
Teicneolaíocht Eolais Cumarsáide Ceannaire an Teicneolaíocht Eolais
Seirbhísí Custaiméara:  Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, Seirbhísí Corparáideacha/Acmhainní Daonna

Fuair Údaráis Áitiúla Cheatharlach ciste de €227,236 faoi chlár an Chiste Straitéiseach Náisiúnta Míchumais agus seo a leanas roinnt des na hoibreacha a déanadh:

  • Traenáil Mheabhraíochta Míchumais

  • Soláthar seilfeanna insroichte ag Leabharlann Muine Bheag do chustaiméirí le míchumas orthu

  • Ceannach Both Eolais le haghaidh áit seirbhíse na gcustaiméirí ag Foirgnimh an Chontae

  • Soláthar rampaí agus bealaigh trasnaithe do choisithe in áiteanna tábhachtacha a aimsigh Gluaiseacht Rochtana Cheatharlach – Bóthar Ceangail ag TE Cheatharlach (An Bóthar Glas) agus Ráth na Pís – Teach Delta

  • Soláthar Bealaigh Trasnaithe do Choisithe ag Árais an Chontae.

  • Soláthar Trealamh Imeartha — Ceantar Imeartha Ard an Doirín

  • Pábháil Tadhlach agus oibreacha eile sa Tulach

 

ACMHAINNI DAONNA


Tá Údaráis Áitiúla Cheatharlach mar cheann des na fostóirí is mó i gContae Ceatharlach, le leibhéal foirne údaraithe de 305. Tá an fhoireann, atá déanta suas den a lán grádacha difriúla fostaithe, gafa le seachadadh réimse leathan seirbhísí don bpobal. Tá Roinn an Acmhainn Daonna freagrach go sonrach as:

  • Pleanáil Daonchumhachta, Earcaíocht agus Roghnú

  • Traenáil, Foghlaim agus Forbairt

  • Bainistíocht ar an gComhlíonadh

  • Gaoil Tionsclaíocha

  • Leas na Foirne

  • Comhionannas/Éagsúlacht

  • Cothromaíocht an Saoil Oibre

  • Aois-liúntas

 

Tá ról tábhachtach ag gníomhaíochtaí Roinn an Acmhainn Daonna i seachadadh aidhmeanna Údaráis Áitiúla Cheatharlach. Sé polasaí na Comhairle ná foireann mhaith a mhealladh agus a choinneáil leis na cáilíochtaí agus an taithí acu atá riachtanach chun seirbhís éifeachtach a sholáthar dos na daoine i gCeatharlach.

CAIDREAMH TIONSCLAÍOCHA


Oibríonn Roinn an Acmhainn Daonna le Ceard Chumainn agus le h-Ionadaithe Foirne chun caidreamh oibre maith a bhaint amach agus táid dírithe ar dhea-thimpeallacht tionsclaíocha a chothú. Níor cailleadh aon laethanta de bharr conspóidí tionsclaíocha i 2006.

COTHROMAÍOCHT AN TSAOIL OIBRE


Tá na Scéimeanna Cothromaíochta Saoil Oibre seo a leanas i bhfeidhm

  • Roinnt na h-Oibre
  • Scor Tuismitheora
  • Faid an Téarma
  • Sos Gairme

COMHIONANNAS/ÉAGSÚLACHT


Cloíonn Údaráis Áitiúla Cheatharlach in iomlán le prionsabail an chomhionannais mar atá sé leagtha amach in Achtanna Comhionannais 1998 go dtí 2004. Le linn na bliana soláthraíodh traenáil don fhoireann i gcomhionannas agus in éagsúlacht rud atá leanúnach agus i dteanga chomharthaíochta.

TRAENÁIL FOGHLAIM AGUS FORBAIRT


Tá Traenáil, Foghlaim agus Forbairt mar fheidhm croíláir ag an Roinn Acmhainn Daonna agus le linn 2006 d’ullmhaíodh straitéis traenála, foghlamtha agus forbartha le haghaidh Údaráis Áitiúla Cheatharlach. Tá próifíl forbartha pearsanta na foirne i scéim Chóras Bainistíochta an Chomhlíonadh mar chuid tábhachtach de phleananna traenála na heagraíochta.

PRÓISEAS FÍORÚCHÁIN AN CHOMHLÍONADH


D’aighnigh an Chomhairle roinnt phleananna gníomhaíochtaí ag sonrú an dul chun cinn faoi Bhuanú an Dul Chun Cinn le linn na bliana do Ghrúpa Fíoraithe na Feidhmíochta i dtaobh thagair-mharcála. Bhí cuairt ar an láthair Grúpa Fíoraithe na Feidhmíochta ar siúl ar an 5ú Aibreán 2006

 

CÚRSA

FAID

Cúrsa Seirbhísí Sláintíocha 8 Lá

Eanáir, 2006

Réamhléiriú ar Chúrsa Dlí Conartha

28ú Feabhra, 2006

Todhchaí na h-Aimsire seo Caite – Ról na h-Oidhreachta agus an Chultúir i bhForbairt na Turasóireachta

23ú agus 24ú Feabhra, 2006

Siopa Oibre Éascaithe Athruithe – Ag Dearadh Gníomhaíochta Comhoibrithe le haghaidh Eagraíochtaí agus Pobal

1ú go 3ú Márta, 2006

Scileanna Idirbheartaíochta (RAS)

11ú Aibreáin, 2006

Barr Feabhais ó Dhaoine

19ú Aibreáin, 2006

Cúrsa Traenála Bainistíochta

31ú Bealtaine, 2006 go dtí an 1ú Meithimh, 2006

Comhdháil Oibre do Gach Aoinne

18ú agus 19ú Bealtaine, 2006

Ag Seachadadh Forbartha-idir Phobail agus Áitiúil: An Cás le haghaidh Leasuithe Struchtúraigh

26ú Bealtaine, 2006

Ailtireacht i gComhdháil na Seirbhíse Poiblí

8ú agus 9ú Meithimh, 2006

Eolas ó Léarscáil

19ú go 20ú Meithimh, 2006

Réamhléiriú don TIA agus do Dhearadh Acomhail

10ú go 13ú Iúil, 2006

Clár Traenála Bainistíochta Fuíll

Meán Fómhair go Nollaig, 2006

Comhdháil Bhliantúil – Grúpa Traenála na Seirbhísí Uisce Náisiúnta

7ú Meán Fómhair, 2006

Ag Forbairt Pobail Inmharthana

28ú agus 29ú, Meán Fómhair, 2006

Seimineár le haghaidh Chúntóirí Pearsanta agus Rúnaithe Bainisteoirí an Chontae

18ú agus 19ú Meán Fhómhair, 2006

Cúrsa Traenála IREG

1ú Meán Fhómhair, 2006

Comhdháil Bhliantúil – Ról Stiúrthóir na Seirbhísí – Thar an Chéad Deich mBliain Eile

26ú agus 27ú Meán Fhómhair 2006

Réamhléiriú ar Chigireacht Maoine

6ú Deireadh Fómhair, 2006

Comhdháil ar Dhearadh agus ar Shábháilteacht Bóithre

4ú agus 5ú Deireadh Fómhair, 2006

Gnéithe Chur i bhFeidhm – Impleachtaí dos na hÚdaráis Áitiúla

10ú Deireadh Fómhair, 2006

Comhdháil Ginearálta Bliantúil de chuid Oifigeach Cháin Gluaisteán

12ú agus 13ú Deireadh Fómhair, 2006

Aghaidh a Thabhairt ar Iompar Frith-Shóisialta

18ú Deireadh Fómhair, 2006

Agallamh an Láthair Oibre,
Scileanna Páirtíochta,
Siopa Oibre na n-Eascaitheoirí

23ú Deireadh Fómhair, 2006

Ionad Smachta Suirbhé

24ú Deireadh Fómhair, 2006

CÚRSA

FAID

Fóram Sábháilteacht Bóthar

25ú Deireadh Fómhair, 2006

Cód Cleachtais ar Seirbhísí Poiblí Insroichte

27ú Deireadh Fómhair, 2006

Ag Déileáil le Iompar Frith Sóisialta – Gearán don gCúirt

7ú agus 8ú Samhain, 2006

Ag tuiscint Rialacha Soláthar Cheantar an Phobail Eorpaigh

8ú agus 9ú Samhna, 2006

Gréasán Foghlamtha Frith-Bhochtaineachta an Údaráis Áitiúil

13ú Samhna, 2006

Comhdháil Páirtíochta an Láthair Oibre

14ú Samhna, 2006

Acht Tionóntachta Cónaithe 2004 – Siopa Oibre an Chleachtais Is Fearr

15ú Samhna, 2006

Teastas i Sábháilteacht agus Sláinte ag Obair

2005-2006 (bliain acadúil)

MOC2400 – Ag Cur i bhFeidhm agus ag Déanamh Bainistíochta ar Fhreastalaí Malartach Microsoft

20ú go 24ú Samhna, 2006

Tionscnamh Revos – Seimineár Réigiúnach

22ú Samhna, 2006

Scileanna Cigireachta Timpeallachta

22ú agus 23ú Samhna, 2006

 

STAITISTICÍ PEARSANRA 2006
Seo a leanas croílár na foirne buaine mar a bhí ag Nollaig, 2006:

Briseadh Síos

Méid na Foirne

Bainistíocht/Riarachán

122

Innealtóireacht/Teicniúil

45

Foireann Fheidhme/Foireann amuigh

139

Foireann Iomlán

306

Seirbhís Tine (coimeádta)

45

Eile

40

COMHDHÁIL GUR FHREASTAL COMHAIRLEOIRÍ UIRTHI, 1Ú EANÁIR, 2006 GO 31Ú NOLLAIG, 2006

 

Dáta

Comhdháil

Áit

Méid Daoine a Fhreastal Air

28ú Eanáir 2006

Cumarsáid EPN.
Scileanna Meán Chumarsáide do Chomhairleoirí

Ostán Chúirt Droichid an Chláirín, An Ghaillimh

4

27ú – 29ú Eanáir, 2006.

Scoil Geimhridh Mhic Giolla Meidhir 2006. 

Ostán Chathair na Mart, Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo

7

3ú & 4ú Feabhra, 2006                 

Comhdháil Turasóireachta Comhairle Thurasóireachta an Chláir            

Ostán & Club Tuaithe Dún Eadradh, Maigh Chomair, Co. Aontroma

7

10ú & 11ú Feabhra, 2006

Seimineár Earraigh AMAI 2006

Ostán Clann Rí, Leitir Cheanainn, Co. Dhún na nGall

8

15ú & 16ú Feabhra, 2006.

 

Comhdháil & Siopa Oibre Turasóireachta Turasóireacht Chontae Chill Mhantáin & Turasóireacht an Chósta Thoir & Lár na Tíre

Ostán Marriot, Gleann na nDraoithe, Baile an Chinnéidigh, Co. Chill Mhantáin.

1

16ú Feabhra 2006

Fiontar Chill Tulaigh Teo.
6ú Comhdháil Náisiúnta.             

Ostán an Tí Bháin, Baile an Locha, Co. Ros Comáin.

1

16ú & 17ú Feabhra 2006.

 

Údarás Réigiúnach an Lár-Iarthair. 12ú Comhdháil Bhliantúil.

Ostán Geata an Teampaill, Inis, Co. an Chláir.

1

24ú – 26ú Feabhra 2006

Iontaobhas Oidhreachta 17ú Scoil Geimhridh Cholm Cille 2006.   

Gartán, Mín an Lábáin, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall       

12

3ú & 4ú Márta 2006

Comhairleacha Kadenza
An Chomhairleoir &Saoirse Sibhialta

Teach Ráithín, Bóthar Ráithín, Cluain Meala, Co. Thiobraid Árann

1

 

Dáta

Comhdháil

Áit

Méid na nDoaine a Bhí i Láthar

9ú Márta 2006

 

Chomh-chaidreamh na gComhairlí Contae & Cathrach.
Comhdháil Bhliantúil 2006.

Ostán Fairways, Dún Dealgan, Co. Lú.

4

23ú & 24ú Márta, 2006

 Turasóireacht Cheatharlach.
4ú Comhdháil Náisiúnta Turasóireachta.

 Ostán Dolmen, Ceatharlach.

5

 31ú Márta – 1ú Aibreán, 2006.

 

 Cumarsáid EPN.
Seimineár do Chomhairleoirí
Pobal Breith

Óstán Mór an Deiscirt, Ros Láir, Co. Loch Garman

9

 8ú Aibreán 2006.

 Comhlacht Comhdhálacha TJK Teo.
Dlí an Chlúmhilleadh Mar a Bhaineann sé le Comhairleoirí.

Ostán Iarla Deas Mumhan, Trá Lí, Co. Chiarraí

2

20-21ú Aibreán 2006

 

LAMA

Rialtas Áitiúil

An Rialtas Áitiúil-Ag Seachadadh an Todhchaí Anois.

Ostán na Páirce Nua, Cill Chainnigh.

2

 21ú – 23ú Aibreán 2006.

 

Coinbhinsiún Síocháin Thiobraid Árann

Baile Thiobraid Árann, Co. Thiobraid Árann

1

 26ú – 29ú Aibreán, 2006

 

Ionad Oidhreachta Ráth Tó:
15ú Comhdháil Bhliantúil ar Aitheantas Timpeallacht Chiarraí

An t-Ostán Gailf, Baile an Bhuinneánaigh, Co. Chiarraí

5

 28ú & 29ú Aibreán 2006

 

Comhairleacha Kadenza, Seirbhísí Tithíochta, Rialtas Áitiúil

Ostán Iarthair na Sionainne, An Rúsca, Co. Liatroma

1

 6ú Bealtaine, 2006.

 Clár Traenála do Bhaill Tofa an SPC’s.

Óstán Uí Mhóráin na Bó Deirge, Baile Átha Cliath.

1

 Dáta

Comhdháil

Áit

Méid Daoine a Bhí i Láthar

 4ú & 5ú Bealtaine, 2006

Stáisiún Muirí Inis Earcáin. 22ú Comhdháil Timpeallachta Bliantúil.       

Óstán na Cúirte, Carraig Uí Laighin, Co. Chorcaí

1

 17ú Bealtaine, 2006

 

Comhlachas Litir Ceanainn, Ag athrú aghaidh an Mhiondíola,

Ostán Chnoc Eargail, Litir Ceanainn, Co. Dhún na nGall.

1

 6ú Bealtaine 2006

 Traenáil SPC,         

 Ostán na Bó Deirge, Baile Átha Cliath.

2

 12ú Bealtaine, 2006.

 

Traenáil SPC,

Ostán Mór na Coiribe an Deiscirt, An Ghaillimh.

5

 17ú Bealtaine 2006

 

 Comhlachas Litir Cheanainn,
Ag athrú aghaidh an Mhiondíola,

Ostán Mount Errigal Litir Chainnigh, Co. Dhún na nGall.

4

 18ú – 20ú Bealtaine, 2006.

 

Ostán Ginearálta, Inis
Coiste Forbartha
Cé h-iad gur leis Cúram Sláinte na hÉireann?

Ostán Auburn Lóiste Auburn, Co. an Chláir

2

 8ú go 10ú Bealtaine 2006

 

 Ionad Amharclainne & Ealaíona Bhiorra
Forbairt Cultúrtha do Chontae.

Biorra, Co. Uíbh Fháilí.

1

15ú Bealtaine 2006

 

Ról an Earnáil Pobail & Deonach

Ostán Mín-mhá Dún Dealgan, Co. Lú

3

 23ú Bealtaine 2006

 

Cónaidhm na gComhairleoirí Eorpacha
An Rialtas Áitiúil & an Córas Pleanála Thuaidh & Theas.

Ostán Charraig an Fharradh, Droichead Carraig Fharradh, Co. Loch Garman

1

 23ú – 25ú Bealtaine 2006.

 

 Scoil Samhraidh Byrne Perry
An Cháisc 1916

 CBS, Sr. Loch Garman, Guaire, Co. Loch Garman

1

 

 Dáta

Comhdháil

 Áit

 Méid Daoine A Bhí I Láthar

6ú – 8ú Iúil 2006.

 

 Comhairleacha Kadenza
Seirbhís Pleanála an Rialtais Áitiúil mar Ionstraim le haghaidh Forbairt Tuaithe/Uirbeach

Ostán Chuan Dhún na Séad, Dún na Séad,Iarthar Chorcaí.

3

16ú-21ú Bealtaine 2006

Scoil Samhraidh MacGill

 

Ostán Highlands, Na Glinntí Co. Dhún na nGall

6

24ú – 28ú Bealtaine, 2006

 

 Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta John Hewitt

Amharclann Phlás an Aonaigh,
Ard Mhacha

7

7ú -11ú Lúnasa, 2006

 

Scoil Samhraidh William Carleton

Ostán Teach Choric, An Clochar

6

13ú – 18ú Lúnasa 2006

 

Scoil Samhraidh Parnell

 

Teach Avondale, Rath Droma, Co. Chill Mhantáin.

1

 19ú – 26ú Lúnasa, 2006

 

 Scoil Samhraidh Mic Ghiolla Mheidhir,

Lios Dún Bheárna
Co. an Chláir.

3

 17ú – 20ú Lúnasa, 2006

Scoil Samhraidh General Humbert

 

Baile an Fheadha, Co. Mhaigh Eo

2

 25ú-26ú Lúnasa, 2006

 

 

 Comhairleacha Kadenza.
Rialtas Áitiúil & an Ealaíon

Ostán Silver Tassie, Bóthar Milford, Litir Ceanainn, Co. Dhún na nGall

5

 14/16ú Meán Fhómhair 2006

 Comhdháil Bhliantúil AMAI,

Ostán Crystal an Chabháin, Co. an Chabháin.

1

 15/17ú Meán Fhómhair

 

Comhairle Ceantair Oghmagh,
Deireadh Seachtaine Litearthachta Benedict Kiely

Ostán Silverbirch, Bóthar Gortúin, Oghmagh

5

 

 Dáta

 Comhdháil

 Áit

 Méid Daoine a Bhí i Láthar

 28/30ú Meán Fhómhair 2006

Comhairleacha Kadenza,

Seirbhís Timpeallachta an Rialtais Áitiúil.

 Óstán Walter Raleigh, Eochaill, Co. Chorcaí

1

30ú Meán Fhómhair 2006.

 

Fóram Údaráis Áitiúla na Éireann Saor Ó Núicléach            Seimineár Fómhair

 

Ostán “D” Droichead Átha

2

5ú – 6ú Deireadh Fómhair, 2006

 

Oideachas Kerry Life Teo
Getting a Grip 2006.

 

Ostán Brehon, Cill Airne.

1

5ú-8ú Deireadh Fómhair 2006

 

 Féile Frank McGann

 

Béal Átha na mBuillí, Co. Ros Comáin

3

13ú – 14ú Deireadh Fómhair 2006

 

Scoil Fómhair Neil T. Blaney
Cad é Poblachtachas?

           

Institiúid Teicneolaíochta

Litir Ceanainn, Co. Dhún na nGall

8

12ú – 13ú Deireadh Fómhair, 2006

 

 Cónaidhm na gComhairleoirí Eorpacha. 1916:Am Éirithe Amach & Am Cogaidh

 

 Ostán na Cathrach, Co. Doire

1

 20ú – 22ú Deireadh Fómhair, 2006

 

Comhdháil Dubhghlas de h-Íde

 

Coláiste Naomh Natháin,
Bealach a’ Doirín,
Co. Ros Chomáin

3

 27ú – 28ú Meán Fhómhair, 2006

 

Comhairleacha Kadenza
Ról na nÚdarás Áitiúla i dTaobh Aghaidh a Thabhairt ar Iompar Frith-Sóisialta
           

Ostán na Carraige,
An Príomh Shráid, Carraig na Súire, Co. Thiobraid Árann

4

 9-11ú Samhain, 2006

AOIFE

11ú Comhdháil Bliantúil.

Ostán Falls, Inis Díomáin, Co. an Chláir.

2

 10ú – 11u Samhain, 2006

 

LAMA

Seimineár Bliantúil an Gheimhridh

Ostán an Inbhir Mhóir, An t-Inbhear Mór, Co. Chill Mhantáin

2

 

 Dáta

 Comhdháil

 Áit

 Méid Daoine a Bhí i Láthar

 14ú – 15ú Samhain 2006.

 

E- Bhailte - Freagra Forbartha Eacnamaíochta Beo/Oibre

Comhlacht Forbartha na Sionainne, Lár Baile na Sionainne,
An tSionainn,
Co. an Chláir

1

 15ú Samhain, 2006.

 

 Comhlachas Chontae Ceatharlach
Siopa Oibre an Cleachtais is Fearr

Ostán Talbóide, Ceatharlach.

4

 24ú – 25ú Samhain, 2006

 

Comhdháil Turasóireachta an Chláir
18ú Comhdháil Turasóireachta Náisiúnta

Ostán Falls, Inis Díomáin, Co. an Clair

 

9

 30ú Samhain – 2ú Nollaig

 

 Comhdháil deiridh do 2006                     

Chomh-chaidreamh Forbartha Pobail Áth Treasna.
Boss Murphys, Baile na h-Eaglaise, Maigh Eala, Co. Chorcaí

1

 8ú Nollaig, 2006

 

Cónaidhm na gComhairleoirí Eorpacha. “Seirbhísí do Sean Daoine”

Ostán Chill Uí Eimhín, Inis Cheithleann,
Co. Fhear Manach

6

 10ú Nollaig 2006

 

 Focus Éireann

Sráid Adelaide,
Dún Laoghaire
Co. Bhaile Átha Cliath

1

 

COMHARTHAÍ COMHLÍONADH

 

2006

 na laethanta oibre a cailleadh de bharr neamhláithreacht breoiteachta trí

  1. scor teistithe
  2. scor neamh-theistithe

 

 

03.57
0.57

 Caiteachas ar Thraenáil & Forbairt mar % des na costais pá-rolla iomlána

 

3.3