SEIRBHÍSÍ TIMPEALLACHTA

AIDHM STRAITÉISEACH AN TIMPEALLACHT A CHOSAINT, A CHAOMHNÚ AGUS A UASGHRÁDÚ I GCHONTAE CHEATHARLACH

Tá dul chun cinn i leith cur i bhfeidhm na h-eilimintí éagsúla de Phlean Bainistíochta Fuíll an Oir Dheiscirt mar chuid mhór den gClár Bainistíochta Fuíll. Tugadh an Comh-Plean Bainistíochta Fuíll do Cheantar an Oir Dheiscirt a chlúdaíonn an tréimhse 2006 go 2011 isteach i Meitheamh 2006 agus léiríonn sé athruithe sa daonra, ’sna h-eisiltigh fuíll agus riachtanais bonneagair. Sé aidhm an Phlean ná an bhainistíocht timpeallachta is fearr ar fhuíoll a thagann ón réigiún. Baineann sé seo ar roinnt polasaithe áirithe mar seo a leanas:

  • Meabhraíocht Poiblí agus Oideachas
  • Seachaint agus Íoslaghdú
  • Bailiú Bruscar agus Costas
  • Slándáil Fuíll agus Athchúrsáil
  • Cóireáil Fuíll/Cur de Láimh Deiridh
  • Srutháin Tosaíochta Fuíll
  • Gníomhaíochtaí Fuíll Neamhúdaraithe
  • Polasaí ar Chomh-Bhainistíocht agus Aimsiú

Roinnt de aidhmeanna príomha an phlean is ea:

  • Béim nua ar ionaid tógála chucu le béim ar chaighdeán na h-áite, ar chuma agus réimse na mboscaí fuíll agus na h-earraí fuíoll a ghlactar iontu.
  • Maidir le nithe athchúrsála tirime tabharfaidh an réigiún tacaíocht do áis nua reatha atá ag Comhairle Chontae Phort Láirge i nDún Garbháin.
  • Maidir le fuíoll orgánach tabharfaidh an réigiún tacaíocht do áis mhúirín reatha atá á rith ag Cathair Phort Láirge agus cabhróidh siad le h-áiseanna breise a chur ar fáil mar atá siad riachtanach.
  • Áis fuíll chomhtháite a sholáthar ina mbeidh cóireáil teirmeach agus slánú fuinnimh roimh 2011 leis an gcumas aige riachtanais iarmharach cur de láimh fuíll an réigiúin a shásamh.
  • Rolla a ullmhú agus measúnú a dhéanamh ar shuímh ina raibh gníomhaíochtaí cur de láimh agus athshlánaithe ar siúl iontu.

I 2006 d’eagraigh Comhairle Chontae Cheatharlach scéim le haghaidh bailiúchán plaisteach feirme i dteannta leis an Roinn Chomh-shaoil. Bailíodh 318 tonna plaisteach le haghaidh athchúrsála.

Le linn na bliana 2006 dhein Aonad Cur i bhfeidhm Timpeallachta na Comhairle nóta de agus fiosrú ar 1,773 gearán ón bpobal.
Tá gach a gearán a bhfaightear i scríbhinn, trí an ríomhphost, ar an fón agus ag an gcuntar poiblí curtha ar bhunachar sonraí na ngearán timpeallachta. Tá gach gearán ansin curtha faoi bhráid na Foirne Chur i bhFeidhm, nó ball foirne cuí eile le haghaidh fiosraithe. D’fhéadfadh sé tarlú go lorgófaí fógra reachtúil, litir rabhaidh nó gníomhaíocht cuí eile tar éis an fiosraithe agus ag braith ar nádúr an ghearáin.

 

Fuíoll.

Uisce.

Fothrom.

Aer.

 Méid na nGearán

494

27

20

61

 Méid na bhFiosaithe

494

27

20

61

 Méid na n-imeachtaí cur i bhfeidhm a tógadh

57

17

1

4

I rith na bliana 2006 bhí iniúchtaí déanta ar chomhréir leis na Rialacháin Pacála, Rialacháin WEEE agus Rialacháin Mála Plaisteach

Tá meabhraíocht pobail agus Eolas mar cheann de chomhpháirteanna an Chomh-Phlean Bainistíochta Fuíll don Oir-Dheisceart. Sé an sprioc slua le haghaidh meabhraíochta, oideachas agus cláir cumarsáide ná teaghlaigh, an óige, tráchtáil agus tionscal, an earnáil talmhaíochta, an earnáil tógála, tionscal fuíll agus ceannairí agus ionadaithe pobail.
Gníomhaíochtaí a tugadh fúthu i 2006:

  • Tugadh cainteanna do Phobail timpeall an Chontae ar théamaí bainistíochta fuíll, múiríniú agus sábháilteacht fhuinnimh. Tugadh tacaíocht agus treoir do Ghrúpaí atá bainteach leis na Comórtais Bród As d’ Áit agus Comórtais na mBaile Slachtmhara.
  • Bhí gach Luan ann ar thurais go h-Ionad Athchúrsála Baile Céirnin ag Scoileanna.
  • Lean an Chomhairle ag déanamh comhordú ar Chlár na Scoileanna Glasa le An Taisce. Bhí cuairteanna déanta chuig Bunscoileanna agus Meán Scoileanna ina raibh siopaí oibre, taispeántais agus léiriúcháin mar chuid de. Bhí dhá Sheimineár Scoileanna glasa ar siúl i Feabhra 2006.
  • Déanadh léiriú do fheirmeoirí mar chuid den scéim traenála REPS, bhí ceangail déanta leis an gclár fheirmeoireachta ar an radio áitiúil.
  • Mar thacaíocht dos na gníomhaíochtaí réamhráite leanann an Chomhairle ag forbairt agus ag ciorclú bileoga eolais ar Shuíomh na m-Banc Athchúrsála, Ionad Athchúrsála Baile Ceirnín, Treoir do Rialacháin Pacála Bainistíochta Fuíll, Fuíoll Teaghlaigh, Múirín Bhaile agus Dó an Chúl Clós
  • Seimineár Rás i gCoinne Fuíoll Bord Forbartha an Chontae – Bealtaine 2006
  • Fuair trí scoil a gcéad bhrat ghlas i 2006.

Bhuail Coiste Polasaí Straitéiseach na Timpeallachta le chéile ceithre uair le linn 2006 agus bhreathnaíodar ar roinnt rudaí mar iad seo a leanas san áireamh:

  • Cur i bhFeidhm Rialacháin Deireadh Saoil na bhFeithiclí, 2006
  • Treoirlínte an Chleachtais Is Fearr le haghaidh Tionscnamh Tógála agus Scartála
  • Scéim Bhailithe Plaisteach Feirme

Bhí Córas Bainistíochta Ceantair Abhantrach Abhainn an Oir Dheiscirt mar an chéad Chóras Bainistíochta Ceantair Abhantrach na hAbhann a bunaíodh in Éirinn mar fhreagra ar Threoir Creatlach Uisce an AE 2000. Faoi na Rialacháin Polasaí Uisce 2003, a chuireann i bhfeidhm Treoir Chreatach Uisce an AE, d’ainmníodh Comhairle Chontae Cheatharlach mar an príomh údarás chun riaradh agus forbairt a dhéanamh ar an gcóras ar son 13 údarás áitiúil san oir dheisceart. Tá sé mar cheann de 8 gCeantar Abhantrach na hAbhann a chlúdaíonn oileán iomlán na hÉireann.

Sé aidhm an tionscnaimh ná Córas Monatóireachta & Bainistíochta Comhtháite a bhunú do gach uisce (abhainn, lochanna, uisce talún, inbhir agus uisce cósta) laistigh de Cheantar Abhantrach Abhainn an Oir Dheiscirt, clár dinimiciúil de mhodhanna bainistíochta a fhorbairt agus Plean Bainistíochta Abhantrach na hAbhann a fhoilsiú chun aidhm Treorach an Chreatlach Uisce a bhaint amach, sé sin stádas éiceolaíoch agus ceimiceach maith a bhaint amach do gach uisce roimh 2015.

Tá an tionscnamh, de chostas €11.25m, á mhaoiniú trí an Plean Náisiúnta Forbartha, le dáta críochnaithe de Nollaig 2008.
Le linn 2006 forbraíodh clár monatóireachta chun monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar ár n-uisce san Oir Dheisceart agus tosóidh an clár monatóireachta seo in Eanáir 2007. Tá obair leanúnach ar siúl ar fhoilsiú Tuairisc Fadhbanna Bainistíochta Uisce Móra agus tá sé seo le bheith foilsithe i Meitheamh 2007 agus beidh sé mar teimpléid le haghaidh an Phlean Bainistíochta Abhantrach na n-Abhann.
Tá obair leanúnach ar siúl, chomh maith, ar fhorbairt córas bainistíochta timpeallachta agus ar chóras eolais geografach de Abhantrach na hAbhann. Tá Abhantrach na hAbhann páirteach, chomh maith, i staidéar náisiúnta a bhaineann le Creatlach Uisce mar córais cóireála fuíoll uisce ar an láthair, úsáid/monatóireacht substaintí contúirteach, socrú caighdeáin uisce ceimiceach agus rudaí eile.
Bhuail Comhairle Comhairleach Ceantar Abhantrach na hAbhann le céile don gcéad uair go luath i 2006. Sé a théarmaí tagartha ná; breathnú a dhéanamh ar ghnéithe a bhaineann le hullmhú pleananna bainistíochta abhantrach na habhann agus ar ghnéithe eile a bhaineann le cosaint agus le húsáid acmhainní uisce timpeallachta agus uisce sa cheantar agus comhairle a thabhairt agus moltaí a dhéanamh ar na gnéithe seo dos na húdaráis poiblí cuí. Tá ballraíocht an Chomhairle Comhairleach déanta suas de 32 ball tofa den údarás áitiúil agus triúr déag duine atá ag déanamh ionadaíocht ar ghnéithe rannóga áirithe san oir-dheiscirt.

Bun-chloch de Threoir an Chreatlach Uisce ná rannpháirtíocht an phobail a bheith i dtionscnaimh abhantrach na habhann agus tugann foireann abhantrach na habhann léirithe go rialta do agus lorgaíonn siad comhairliú leis na páirtithe go léir go bhfuil suim acu. D’fhéadfaí eolas breise ar thionscnamh abhantrach na habhann a fháil trí dul go www.sebd.com nó ó oifigí an tionscnaimh ag Teach Liddiard, Bóthar Buirne, Ceatharlach (059 914 3618).

 

COMHARTHAÍ COMHLÍONADH

Bainistíocht Fuíll:

 

2006

 Fuíoll teaghlaigh bailithe le haghaidh athchúrsála

  • Tonnáiste
  • % an fhuíll teaghlaigh bailithe

 

973

6.5

  •  Fuíoll teaghlaigh bailithe a cuirtear go tonnáiste líonadh talún
  • % an fhuíoll teaghlaigh bailithe

 

14,082
93.5

 

Áiseanna Athchúrsála:

 Rannóg

 Méid na Suíomh in-tógála

 

2006

 Méid na Suíomh Conláiste Sibhialta

2006

 Méid Iomlán na n-Áiseanna

 

2006

 Tonnáiste an fhuíoll a bailíodh le haghaidh athchúrsála per daonra 5,000

 

2006

 Gloine

37

3

40

680 T

 Canaí

37

3

40

60.2 T

 Teicstílí

0

3

3

59.46 T

 Cadhnraí

20

3

23

49.232 T

 Íle

0

3

3

11.78 T

 Eile

5

3

8

832.56 T