TIONSCNAIMH POBAIL
Choimeád Comhairle Chontae Cheatharlach a dhea-chaidreamh le pobail mórthimpeall an Chontae i 2006. Leanann na pobail ag forbairt go sóisialta, go cultúrtha agus go comhshaolach. Cuireadh chun cinn agus tugadh tacaíocht do Shraith Ghníomhaíocht Bruscar Cheatharlach, Deontais Timpeallachta Seachtain Náisiúnta na gCrann; Glanadh an Earraigh; Bród As d’ Áit Cheatharlach; Bród As d’ Áit Chomhoibriú Éireann; Páirtíocht Spóirt; Gréasán Pobail Chontae Cheatharlach; Comhionannas Bhan Chontae Cheatharlach agus Comhairle na nÓg Cheatharlach le linn na bliana.
D’ardaigh na caighdeáin ins na bailte, na sráid bhailte, na heastáit tithíochta agus na scoileanna go léir a ghlac páirt inár dtionscnaimh i 2006 agus tá sé seo soiléir ach go háirithe i leagan amach na mbaile agus na sráid bhailte timpeall an Chontae. Tá cáil ar Cheatharlach anois mar bheith Saor ó Bhruscar agus bheith dearfach i leith na Timpeallachta. An t-aon slí atá sé seo déanta agus cothaithe ná trí rannpháirtíocht ghníomhach na bpobal, na n-údarás áitiúil agus na ngníomhaireachta eile.
Tá scoileanna ag obair le haghaidh Brat Glas athnuaite. Tá ciste soláthraithe chun cabhrú leis na scoileanna seo ina gcuid tionscnamh.
Lean rannpháirtithe na mBailte Slachtmhara Náisiúnta ag feabhsú a gcuid mharcanna i 2006 agus roghnaíodh Leith-ghlinn an Droichid, mar bhuaiteoir an Bhoinn Óir, chun ionadaíocht a dhéanamh ar Cheatharlach i dtionscnamh na mBailte Uile Éireann atá Coimeádta Is Fearr i 2007. Dhein an Bhalún, an Bhoiríos agus an t-Ionad Pobail i Leith-ghlinn an Droichid ionadaíocht ar Cheatharlach i mBród As d’ Áit Chomhoibriú Éireann agus d’éirigh go maith leo go léir. Bhuaigh Leith-ghlinn an Droichid an Duais Speisialta i roinn Conláiste an Phobail agus bhuaigh Comhairle Chontae Cheatharlach an duais le haghaidh an Údaráis Áitiúil Is Fearr. Bhí searmanas na nDuaiseanna Náisiúnta ar siúl i gCeatharlach, chomh maith, in Ostán Hilton Sliabh Wolseley, an Tulach.
Mheall an Comhaontas Frith-Bhruscair níos mó rannpháirtithe i 2006 ná san bhliain roimhe sin. Bhí méadú, chomh maith, ar mhéid na n-iarrthóirí a chur isteach ar Dheontais Timpeallachta agus bhí méadú i méid na rannpháirtithe i mBród As d’ Áit Cheatharlach. D’ionchorpraigh Duaiseanna Bród As d’ Áit Cheatharlach Duaiseanna Éachta agus Duaiseanna Reilige don gcéad uair riamh i 2006.
Leanann Ceatharlach ag déanamh go maith sa Chomhaontas Bhruscar I.B.A.L agus ins na torthaí a foilsíodh i Nollaig 2006, tugadh Stádas Saor Ó Bhruscar do Cheatharlach.
COSC AGUS SMACHT AR BHRUSCAR
Tá an Plean Bainistíochta Bruscar bliain d’aois anois agus faigheann sé a lán tacaíochta poiblí. Tar éis feachtas fógraíochta pictiúrlainne faoi eolas ar bhruscar áitiúil a bhí ar siúl ar gach scáileáin cineama sa Chontae, tá méadú suntasach ar thuiscint an phobail ar bhruscar. Mar thoradh ar an bhFeachtas Greamán Gluaisteán – “Coimeád Ceatharlach Saor Ó Bhruscar – Déanaimid-ne é” tá ár gcuid ghreamáin le feiceáil go forleathan ar fheithiclí timpeall an Chontae.
Tugann dhá Oifigeach Patról Timpeallachta (Ceann i mBaile Cheatharlach) cuairt go rialta ar shráid bhailte, ar eastáit agus ar scoileanna sa Chontae agus ar cheantair sa Bhaile. Tá an bheirt acu gafa le breithiúnas a dhéanamh ar Chomhaontas Gníomhaíochta Bruscar Cheatharlach. Bíonn siad i láthair ag ár gComhaontas Gníomhaíochta Bruscar agus ag Seoladh Bród As d’ Áit agus ag Searmanais Duaiseanna agus tá aithne mhaith ag pobail uile an Chontae orthu.
Tá thart ar seasca comhartha Frith-Bhruscar “Táthar ag faire ort” suas timpeall an chontae – gach ceann ag tabhairt ár uimhir teagmhála Enviro-Watch 1890 308 208. Tugann ár n-Oifigigh Patról Timpeallachta freagra tapaidh ar thuairiscí de bhruscar a chaitheamh, de dhumpáil agus de fheithiclí tréigthe ón bpobal chuig ár bhfoireann féin.
Leantar le cur chun cinn Ghlanadh an Earraigh Náisiúnta, Laethanta Glanadh Suas agus Uchtaigh Bóthar chuig grúpaí pobail agus deonacha agus gnóthaí sa Chontae. Tugann torthaí ina na Bailte Slachtmhara agus sa Chomhaontas Bhruscar I.B.A.L an-mhisneach do phobail agus do údaráis áitiúla.
D’eisíodh ochtó ceathair fíneáil bruscair i gceantar an Chontae – le Baile Cheatharlach as an áireamh i 2006. Fuarthas ioncam de €6,765.00 ó fhíneálacha le linn an tréimhse.
TIONSCNAMH NA BPOBAL SLÁINTIÚLA MHUINE BHEAG
Tá céim píolótach Tionscnamh na bPobal Sláintiúla Bhaile Haicéid tar éis teacht chun deiridh agus tá an próiseas chun luacháil a dhéanamh ar an dtionscnamh tar éis tosú. Tá an tionscnamh ag dul ar aghaidh i gcónaí agus leanann an Chomhairle ag tabhairt tacaíochta do Thionscnamh na bPobal Slachtmhara Bhaile Haicéid go bhfuil réimse gníomhaíochtaí mar chuid de atá dírithe ar fheabhas a chur ar leas Sláinte agus Sóisialta daonra Bhaile Haicéid.
OIDHREACHT
Seachtain Oidhreachta 2006:
Glacadh le Seachtain Oidhreachta 2006 go hiontach i gContae Ceatharlach le thart ar fiche cúig ócáid eagraithe go bhféadfadh daoine páirt a ghlacadh iontu agus chun taitneamh a bhaint astu, an chuid is mó acu saor do gach aoinne. Thosaigh an t-Seachtain Oidhreachta níos túisce an bhliain seo ag tosú ar an Satharn, Lúnasa 26ú agus ag rith go leanúnach suas chuig Dé Domhnaigh, 3ú Meán Fhómhair. Tá gníomhaíochtaí na Seachtaine Oidhreachta eagraithe trasna daichead tír Eorpacha agus sé a aidhm ná meabhraíocht ar ár n-oidhreacht forbartha, nádúrtha agus cultúrtha a chur chun cinn mar sin ag moladh a chaomhnaithe agus a leasaithe. Téama an Eoraip: Tá Oidhreacht Choitianta tugtha isteach mar théama seasta ag Comhairle na hEorpa. Tá roinnt des na buaic phointí sonraithe thíos.
Ag leibhéal náisiúnta tá an t-Seachtain Oidhreachta comhordaithe ag an gComhairle Oidhreachta. Chomhordaigh Iarsmalann Chontae Cheatharlach, ar son Údaráis Áitiúla Cheatharlach, ar bhonn chontae fógraíocht iomlán na n-ócáidí, le foilsiú agus dáileadh póstaeir agus bileoigíní san áireamh i dteannta le fógraí sa phreas áitiúil agus cruthú rannóg speisialta ar www.carlow.ie. D’eagraigh Iarsmalann Chontae Cheatharlach i dteannta le hOifig Oidhreachta Chill Chainnigh chomh-fheachtas fógraíochta raidió agus chomhoibrigh siad le KLCR 96FM do spotaí speisialta i rith na seachtaine le haghaidh grúpaí éagsúla chun a gcuid ócáidí a chur chun cinn.
Ar thráthnóna Dé Sathairn tar éis Aifreann Comóradh in Ardeaglais Cheatharlach bhí omós speisialta ar siúl, a d’eagraigh John McDarby san Ionad Paróiste Ardeaglaise, don iar-aisteoir Cheatharlach Annie D’Alton go raibh an aithne is mó uirthi mar Minnie Brennan i sraith RTE “The Riordan’s. Thug Séamus O’Rourke tús an tráthnóna le cúlra saol Annie ón áit inar rugadh í i Lána Bridewell suas chun a tosú ar an stáitse ag Halla Bhaile Cheatharlach agus ag Pictiúrlann Slater (Oifig a Phoist Cheatharlach anois). Bhí eachtra as clár de chuid 1979 des na Riordan’s ar siúl san Ionad Pharóiste Ardeaglaise a bhí lán go barr. Bhí an eachtra bunaithe ar ghoid turcaí Nollag, agus an milleán a chur ar dhrong eagraithe go maith ó Cheatharlach! Bhí roinnt de ghaolta Annie i láthair ann.
Bhí gníomhaíochtaí ar siúl ag Iarsmalann Arm Chontae Cheatharlach ar an dá Domhnach le léiriú beo airm agus cathéide saighdiúirí meánaoiseacha faid is a bhí seachtainí oscailte ag Ionaid Oidhreachta Iarsmalann an Tulaigh agus Naomh Moling. Thug an Staraí Áitiúil Frank Clarke caint domhain agus suimiúil ar “Saol Gach Lá sna 1930dí” in Ionad Oidhreachta Naomh Moling Bhí léacht ó Brian Hand ar siúl ag an Páirtí Glas ar “Roinnt Smaointí ar Ealaíon Cloch de chuid Art of the Balckstairs”.
d’Fhreastal thart ar 100 duine ar léacht Ghrúpa Feabhsaithe an Bhalúin tugtha ag John Smith ar Chlann Lecky cáiliúil in Ostán Mainéar Baile Caoíle faid is ar fhreastal thart ar seachtó duine ar sheimineár Stairiúil & Seandálaíochta Cheatharlach le trí chainteoir difriúil ann. Labhair an údar staire cáiliúil Dr. Michael Conry ar Mhéadair each-chumhachtaithe, faid is a labhair an tógálaí áitiúil Dan Carbery faoi shean-tionscail agus ar thionscail Cheatharlach a bhíodh ann agus roinnt acu go raibh ceangail clainne aige leo nó go raibh baint aige lena dtógáil. Bé an tríú cainteoir Pat O’Neill, eagarthóir Carloviana a labhair faoi stair agus tionchar an Chumainn faid is é ag ceiliúradh seasca bliain a bhunaithe an bhliain seo. D’ Fhreastal suas go ochtó duine ar lá amach samhraidh an Chumainn chuig an sráid bhaile stairiúil Sean-Leith-ghlinn, áit go raibh Revd. Dean Gordon Wynne i gceannas ar thuras chuig Ardeaglais Sean-Leith-ghlinn agus Tobar Naomh Molaise. Bhí taispeántas speisialta ar siúl i seomra George Bernard Shaw de Leabharlann Lárnach Cheatharlach mar chuid de chomóradh an Chumainn. Mar chuid den taispeántas thaispeáin Iarsmalann Chontae Cheatharlach réimse déantán agus grianghraif óna mbailiúchán agus thug líon scoileanna áitiúla cuairt speisialta chun féachaint ar an taispeántas.
Bhí léiriúcháin ar siúl ag Leabharlann Cheatharlach ar shuíomh idirlín na Comhairle Leabharlainne www.askaboutireland.ie”, go bhfuil codanna ann a aighnigh Leabharlann Cheatharlach ar ailtireacht, Aontas Dlí na mBocht agus flóra / fána Chontae Cheatharlach. Bhí taispeántas léirithe il-mheáin ar “Oidhreacht Uisce” ar siúl ag Ceantar Abhantrach Abhainn an Oir Dheiscirt i forhalla Comhairle Chontae Cheatharlach.
Bhí Lorcan Scott, Oifigeach Caomhnaithe Ceantar le Seirbhís Náisiúnta na bPáirceanna Náisiúnta agus an Fhianbheatha i gceannas ar siúlóid le linn díle básití timpeall ar Pháirc Foraoise Páirc Daraí a osclaíodh le déanaí ag féachaint ar na gnáthóga éagsúla atá le fáil ann. Bhí an geolaí is airde in Éirinn Peadar McArdle, Stiúrthóir Suirbhé Geolaíochta na hÉireann (S.G.E.) i gceannas ar siúl suas Sliabh Bán chun taiscéal ar cheann des na tírdhreacha is breátha in Éirinn – na Staighrí Dubha faid is a bhí Grúpa Pobail Ráth Áine i gceannas ar Siúlóid ar an dTaobh Garbh le treoraithe áitiúla ag imlíniú an flóra, fána agus oidhreacht áitiúil an chuid seo den tír.
Nochtaigh Brainse na Bearbhú de Chumann Uiscebhealach na h-Intíre (CUI) líon binsí agus áit le haghaidh suí síos ag an dtaobh cé atá coimeádta go maith ag Naomh Moling. Bhí an Barún Arthur Keppel ag déanamh ionadaíochta do C.U.I. fear ó thaobh na Bearbha de faid is go raibh áthas ar Chathaoirleach S.M.A.R.T. Josephine Doyle glacadh leis na suíocháin nua.
Cur Le Céile an Bunachar Sonraí Topagrafach
Chuir Comhairle Chontae Cheatharlach cuid san áireamh ina mhapáil ríomhaireachta, mar thoradh ar an dtionscnamh seo, ag sonrú an aistriúcháin Gaeilge agus an brí atá le Bailte Fearainn Cheatharlach. Bhí an tionscnamh seo chomh-mhaoinithe ag Comhlacht Forbartha Tuaithe LEADER Cheatharlach Teo. Thosaigh an t-Oifigeach Oidhreachta ag an am Lorcan Scott an tionscnamh ag an dtús agus chríochnaigh Iarsmalann Chontae Cheatharlach é.
I 1937 d’fhoilsigh múinteoir scoile Ráth Bhile agus staraí áitiúil Edward O’Toole leabhar ar a nglaotar Logainmneacha Chontae Cheatharlach. Liostálann an leabhar seo bailte fearainn an chontae i dteannta lena fhoirm Gaeilge agus an brí gur dhócha a théann leo. D’fhoirmigh an foilseachán seo bunús an tionscnaimh seo. D’fhéadfadh sé tarlú go bhfuil níos mó ná brí nó aistriú amháin ag na Bailte Fearainn agus is féidir iad seo a chur leis an gcóras.
EALAÍON 2006
I 2006 chomhdhlúthaigh Údaráis Áitiúla Cheatharlach agus dhein siad breis forbairt ar na haicmí seo a leanas le haghaidh na h-ealaíne i gCeatharlach.
- Tosú Plean Forbartha Straitéiseach trí bhliana le haghaidh forbairt ealaíona sa chontae.
- Sraith Visualise Cheatharlach de thionscnaimh ealaíona poiblí sealadacha mar réamhchlár luathaithe ag teacht suas go VISUAL – An t-Ionad Náisiúnta le haghaidh Ealaíne Comhaimsearthaí.
- Amharclann Óige Chontae Cheatharlach.
- Ealaíon Bheo Cheatharlach – Clár Ealaíontóir-cónaithe & Féile Ealaíona na Leanaí.
- Tacaíocht do Eagraíochtaí Ealaíona Neamhspleácha i gCeatharlach:
Féile Ealaíona Éigse Cheatharlach
Cóir Ealaíontóra Óg Cheatharlach
Féile Scannán Afracach Cheatharlach
- Artlinks (Bhíodh sé mar Fóram Forbartha Forbartha Proifisiúnta an Oir Dheiscirt).
- Tacaíocht do Ealaíontóirí agus Deontais Achtanna Ealaíona.
- Fán gCéad le haghaidh Ealaíona – clár Ealaíona Poiblí.
Plean Forbartha Straitéiseach Ealaíona
Chuige seo tá seirbhís ealaíona na n-údarás áitiúil tar éis clár bhliantúil de ócáidí a sheachadadh. Faoi an Acht Ealaíona 2003 tá dualgas ar gach údarás áitiúil plean a chur i bhfeidhm a imlíníonn polasaithe soiléire, aidhmeanna agus gníomhaíochtaí le haghaidh fad saoil an phlean. I Samhain 2006 thosaigh próiseas comhairle don tír iomlán chun an straitéis ealaíona a chur in iúl do scairshealbhóirí tábhachtacha.
Tá Visualise Cheatharlach mar chuid leanúnach de chlár straitéiseach fad-théarmach a ionchorpraíonn tionscnaimh áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta mar bhuaic-phointe i gCeatharlach. Tá 2006 mar an cheathrú bhliain go bhfuil an tionscnamh seo ag rith agus leanann Ceatharlach lena cáil náisiúnta mar ionad le haghaidh Ealaíon Amharcach trí an clár lena réamh-chlár seo le haghaidh VISUAL – An t-Ionad Náisiúnta le haghaidh Ealaíon Comhaimseartha. I 2006 bhí sé seo a leanas ar siúl:
- I 2006 bhí ‘Ex Machina’ de chuid ealaíontóirí náisiúnta agus idirnáisiúnta Frances Hegarty agus Andrew Stones atá sean-bunaithe ar siúl sa bhfoirgneamh sean Trek i gCeatharlach a dhírigh ar an mhonarcha siúcra ná fuil in úsáid anois i gCeatharlach. Thaispeáin fearas mór le scáileán mór scannán-gearr a dhein na healaíontóirí.
- I mBealtaine 2006 taispeánadh ‘Time Exposure’, chomh maith, ag an am gcéanna le ‘Ex-Machina’. Bhí ‘Time Exposure’ mar taispeántas fótagrafach ag an grianghrafadóir áitiúil PL Curran agus taispeánadh é i Leabharlann Cheatharlach. Thug na taispeántais seo le céile iar-fhostaithe monarcha siúcra Cheatharlach.
- I Meán Fhómhair 2006 bhí ‘Bloom over Manhattan’ de chuid an ealaíontóir idirnáisiúnta Douglas Gordon agus á stiúradh ag an gcoimeádaí náisiúnta Caoimhín Mac Giolla Leigh ar siúl i siopa fuinneoige Bernard Jennings, Sráid Bhaile Átha Cliath, Ceatharlach. Bhí fearas fótagrafach agus léiriú ag ealaíontóir ar siúl ó thosach siopa.
- I 2006 bhí ceathrú Catalóg Visualise priontáilte agus dáilte ag taispeáint na deartha molta le haghaidh VISUAL – An t-Ionad Náisiúnta le haghaidh Ealaíon Comhaimseartha agus An t-Ionad le haghaidh Ealaíon Beo, i gCeatharlach.
Tá Amharclann Óige Chontae Cheatharlach mar thionscnamh de chuid Údaráis Áitiúla Cheatharlach le haghaidh daoine óga de haois 14+. I 2006 bhí siopaí oibre drámaíochta seachtainiúil ar siúl ag Amharclann Óige Chontae Cheatharlach le haghaidh na óg i gContae Ceatharlach. D’oibríodar i dteannta le grúpaí sa Bhuiríos, Amharclann Óige Chill Dara agus Tionscnamh Traenála Óige Cheatharlach agus bhí ‘News About Shoes’ ar siúl acu i Lúnasa 2006. Bhí ceiliúradh de dhráma an óige ar siúl ag amharclann Óige Chontae Cheatharlach i gCeatharlach le réimse siopaí oibre beo ann a bhí oscailte don óige go léir. Thug Amharclann Óige Chontae Cheatharlach cuireadh do gach scoil sa chontae chuig an ócáid agus bhí dátaí eile ar siúl acu dos na scoileanna chun féachaint ar an dtaibhiú le linn Deireadh Fómhair 2006. I 2006 ghlac Amharclann Óige Chontae Cheatharlach páirt i bParáid Lá ’Le Pádraig Bhaile Cheatharlach.
Ealaíon Bheo Cheatharlach
Lean Údaráis Áitiúla Cheatharlach ag tabhairt tacaíocht mór do Ghrúpa Ealaíona Comhlíonach Cheatharlach ag obair i dteannta leo:
- Clár Drámadóra-Cónaitheach Thosaigh an Drámadóir Bryan Delaney siopaí oibre seachtainiúla i gCeatharlach le haghaidh scríbhneoirí áitiúla go bhfuil suim acu scríobh don stáitse.
- Splanc – An Dara Féile Ealaíona do Leanaí Cheatharlach
I nDeireadh Fómhair 2006, d’oibrigh an Oifig Ealaíona i dteannta le grúpa Ealaíona Beo Cheatharlach, Éigse, Iarsmalann na hÉireann de Ealaíon Nua-Aimseartha agus an Arc, Ionad Chultúrtha Barra an Teampaill , Baile Átha Cliath agus bhí an dara Féile Ealaíona do Leanaí ar siúl acu i gContae Cheatharlach. San áireamh le seo bhí ealaíontóir cónaitheach i mBunscoil Bhaile Haicéid agus díoladh amach gach ócáid ealaíona a bhí ar siúl sa chontae do mheánscoileanna agus do bhunscoileanna agus bhí siad ar fáil do gach leanbh agus duine óg i gContae Ceatharlach.
Éigse – Féile Ealaíona Cheatharlach
I 2006 lean Údaráis Áitiúla Cheatharlach ag tabhairt tacaíocht airgeadais don bhféile i dteannta leis an oifig ealaíona ag obair go cóngarach leis an bhféile ag teacht suas chuig agus le linn na féile mar eagraíocht láidir, bheoga agus meas an phobail orthu go háitiúil. Suíonn an t-Oifigeach Ealaíona ar Bhord na Stiúrthóirí de Fhéile Ealaíona Éigse Cheatharlach.
Cóir Ealaíontóra Óg Cheatharlach
I 2006 lean Údaráis Áitiúla Cheatharlach ag tabhairt tacaíocht airgeadais do Chóir Ealaíontóra Óg Cheatharlach. Chuaigh Cóir Ealaíontóra Óg Cheatharlach ar thuras timpeall na hÉireann, le taispeántais ar siúl acu i mBaile Átha Cliath, Sligeach, Corcaigh agus Cill Chainnigh.
Féasta Scannán Afracach Cheatharlach
I 2006 bhí féile scannán Afracach ar siúl ag Údaráis Áitiúla Cheatharlach i bpáirtíocht le KCLR 98 fm, Ostán Talbot agus Cumann Il-chultúrtha Cheatharlach agus Teacht Ar Amharclann agus mheall sé daoine go Ceatharlach ó Chorcaigh, Béal Feirste agus Baile Átha Cliath. Thug Ambasáid na Nigéire agus Ambasáid na hAfraice Theas tacaíocht don bhféile scannáin. Bhí an fhéile scannáin ar siúl i cineama soghluaiste i gCeatharlach.
Artlinks: Forbairt Proifisiúnta an Oir Dheiscirt le haghaidh Pháirtíocht Ealaíona
I 2006 lean Oifig Ealaíona Cheatharlach ag obair i bpáirtíocht le hOifigí Ealaíona Chontae Loch Garman, Chill Mhantáin, Chill Chainnigh agus Phort Láirge, ag bunú fóram Forbartha Pearsanta le haghaidh ealaíontóirí atá bunaithe i réigiúin an Oir Dheiscirt agus d’fhorbraíodar Artlinks a bheidh tairbheach do ealaíontóirí Cheatharlach trí suíomh idirlín a chur ar fáil dóibh gur féidir leo a gcuid sonraí a íoslódáil air, fóram gur féidir le h-ealaíontóirí bualadh le céile, E-Feasacháin, deis chun freastal ar siopaí oibre le haghaidh fhorbairt phearsanta agus deiseanna chun eolas a roinnt agus a sheoladh ar an idirlíon.
Tacaíocht do Ealaíontóirí:
I 2006 do thug Údaráis Áitiúla Cheatharlach tacaíocht do 12 ealaíontóir áitiúil i gCeatharlach trí sholáthar deontas/sparántacht beaga chun cabhrú le costais i leith aon cheann des na haicmí seo a leanas: forbairt phearsanta na n-Ealaíontóirí, cruthú ealaíona na n-Ealaíontóirí agus Ealaíontóirí ag tógáil a gcuid ealaíona chuig an pobal. Bhí méadú ar an gcistíocht do ealaíontóirí i 2006. I 2005 bhí tacaíocht á fháil ag 7 ealaíontóir áitiúil trí an gclár seo i gcomparáid le 12 i 2006.
Scéim Deontais Ealaíona
Sé aidhm na scéime seo ná caighdeáin an chleachtais ealaíona a ardú sa Chontae. Tá sé mar aidhm ag an scéim, chomh maith, bacainní a bhaint anuas go gníomhach, a fhágann gan daoine gan a bheith fágtha amach ón ealaíon/meas ealaíona ina gceantar féin. Bhain 14 eagraíocht áitiúil tairbhe as an scéim i 2006 i gcomparáid le 6 i 2005.
Fán gCéad le haghaidh Ealaíne – Ealaíon Poiblí 2006
Thosaigh Grúpa Oibre Ealaíona Poiblí Údaráis Áitiúla Cheatharlach taighde ar an gcleachtas is fearr le haghaidh riaradh fán gcéad le haghaidh scéimeanna ealaíona ar aon dul le treoirlínte Náisiúnta agus samplaí an chleachtais is fearr timpeall na tíre. Bhí tionscnamh píolótach le haghaidh tionscnaimh ealaíona poiblí shealadaigh ar siúl i Leith-ghlinn an Droichid le linn Meán Fhómhair agus Deireadh Fómhair 2006. Bhí an tionscnamh seo mar thoradh ar bheith ag oibriú i bpáirtíocht le Cando – Páirtíocht Pobail agus an Ionad Paróiste. Cuireadh struchtúr tuí sealadach a glaodh ‘Hedgeschool’(‘Scoil Scairte’) suas i Leith-ghlinn an Droichid i dtreo is go mbeadh ranganna ealaíona seachtainiúil ar siúl ag daoine óga ann, agus taispeántas agus bunaíodh grúpa óige sa cheantar sin dá bharr seo.
Tionscnaimh eile a bhí ar siúl ar fud an chontae i 2006 ab ea : Scríbhneoir cónaitheach i mBunscoil Bhaile Haicéid.
Ag forbairt Amharclann Óige sa Bhuiríos agus i Muine Bheag.
Spás in oifigí Sibhialta an Tulaigh inar féidir le healaíontóirí a gcuid oibre a thaispeáint.
BORD FORBARTHA CHONTAE CHEATHARLACH
Tá forbairt Chontae Cheatharlach sa todhchaí tábhachtach dá shaoránaigh go léir. Tá spioraid nua bróid, aitheantais agus cathróireachta sa Chontae le roinnt bhlianta anuas. Bunaíodh Bord Forbartha Chontae Cheatharlach i Márta 2000 agus d’ athnuadh é i 2004 tar éis na dtoghchán áitiúil.
Seasann BFC Cheatharlach don rialtas áitiúil, do ghníomhaireachta forbartha áitiúla, do Eagraíochtaí Reachtúla, do na Gníomhaireachta Stáit agus Páirtithe Sóisialta a fheidhmíonn go háitiúil. Don gcéad uair, thug an Bord le céile na daoine tábhachtacha ag leibhéal áitiúil chun páirt a ghlacadh i bpróiseas pleanála fad-théarmach don gcontae. Tá an Bord déanta suas de 31 ceannaire áitiúla agus ionadaithe a tháinig le chéile chun Contae Cheatharlach a fhorbairt le chéile.
Sé príomh ghnó Bord Forbartha Chontae Cheatharlach i dtaobh a Straitéis 10 mbliana a chur i bhfeidhm deimhniú ná beadh rudaí á dhéanamh faoi dhó i seachadadh na seirbhísí ag leibhéal áitiúil, faid is a líonann siad bearnaí i dtaobh riachtanas pobail Chontae Cheatharlach a shásamh.
I 2006 lean BFC Cheatharlach ag seachadadh gníomhaíochtaí a tugadh tosaíocht dóibh i bPlean Gníomhach BFC, 2006-2008. Bunaíodh Grúpaí Oibre chun gníomhaíochtaí a chur i bhfeidhm agus monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn ins na gníomhaíochtaí seo a leanas:
Gníomhaíocht Príomh Gníomhaireacht
Forbairt Eacnamaíochta Comhairle Chontae Cheatharlach
Scéimeanna CE le haghaidh Fostaíochta FÁS
- Fóram Oideachais An Roinn Oideachais & Eolaíochta
- Neamh-náisiúnaigh – Gnéithe Fostaíochta SIPTU
- Comhordú Cúrsa Béarla CGO Chontae Cheatharlach
- Fóram Oideachais Pobail CGO Chontae Cheatharlach
- Cur chun cinn Fhuinneamh Athnuaite Gníomhaireacht Fhuinnimh
- Leanaí Soghonta & a gClann Grúpa Oibre SIM
- Seirbhísí Comhtháite don Lucht Siúil Comhairle Chontae Cheatharlach
I 2006, fuair BFC Cheatharlach ciste chun dhá thionscnamh thábhachtacha a bhunú, a tugadh tosaíocht dóibh le haghaidh gníomhaíochta i bPlean Gníomhach BFC – Páirtíocht Áitiúil Spóirt Chontae Cheatharlach agus Ionad Deonach Cheatharlach. Fuair BFC €76,500 faoin gCiste Comhtháite Feabhsaithe ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, chun Comhordanáidí a earcú agus Ionad Deonaithe a bhunú don gContae.
PÁIRTÍOCHT ÁITIÚIL SPÓIRT CHONTAE CHEATHARLACH
In Eanáir 2006, do sholáthar an Pháirtíocht Áitiúil Spóirt ciste do Ghrúpa Oibre PAS Cheatharlach chun Páirtíocht Áitiúil Spóirt iomlán a bhunú i gContae Ceatharlach. Tar éis athbhreithniú ar na struchtúir PAS reatha, mhol Comhairle Spóirt na hÉireann gach Páirtíocht Áitiúil Spóirt nua a bheith bunaithe mar fo-choistí des na Boird Forbartha Chontae, agus gach fostaí a bheith fostaithe ag an Údarás Áitiúil cuí. Ceapadh Ms. Martha Jane Duggan, Comhordanáidí Áitiúil Spóirt, i Meán Fhómhair 2006.
Sé aidhm an Páirtíocht Áitiúil Spóirt ná an rannpháirtíocht sa spórt a mhéadú agus úsáid na n-acmhainní áitiúla a dhéanamh chomh mór agus is féidir. Sé an príomh rud san Páirtíocht Spóirt do 2007 ná:
- Coiste PAS reatha a leathnú agus a fhorbairt;
- Plean Straitéiseach cúig bhliana a fhorbairt le haghaidh Spórt agus Caitheamh Aimsire i gContae Ceatharlach;
- Comhordú a dhéanamh ar sheachadadh Cláir Comhairle Spóirt na hÉireann ag leibhéal áitiúil m.sh. Buntus, Cód Eitic, Téigh ar Aghaidh sa tSaol & Mná sa Spórt.
- Eolas agus tacaíocht a sholáthar do chlubanna áitiúla spóirt i nithe mar teacht ar chistíocht, oideachas traenálaithe, forbairt club, earcú oibrithe deonacha agus iad a choimeád, & araile.
FÓRAM POBAIL & DEONACH CHEATHARLACH
Bhí 2006 mar bhliain gnóthach do Fhóram Pobail & Deonach Cheatharlach.
Soláthraíonn Fóram Pobail & Deonach deis do ghrúpaí agus do eagraíochtaí pobail agus deonacha gréasánú, ceangail a fhorbairt, comhairle a thabhairt agus comhairle a fháil faoi réimse ábhar a bhaineann le forbairt Sóisialta, Eacnamaíochta agus Cultúrtha Chontae Cheatharlach. Soláthraíonn Fóram Pobail & Deonach Cheatharlach droichead le haghaidh malartú eolais idir pobail áitiúla, gníomhaireachta reachtúla agus eagraíochtaí neamh-rialtais.
Nuair atá sé ag tarraingt aníos a phlean bliantúil deimhníonn Fóram Pobail & Deonach Cheatharlach go dtugtar faoi gach gníomhaíocht mar cur chuige páirtíochta agus go bhfuil a phlean bliantúil cuimsitheach go sóisialta agus ar aon dul le Straitéis Bhord Forbartha an Chontae.
I 2006 lean Comhairle Chontae Cheatharlach lena ról éascaithe i dtaobh chabhair agus tacaíocht a sholáthar don bhFóram.
ACPIF
Dheimhnigh ACPIF Cheatharlach (Athnuachan Cheantair trí Phleanáil, Infheistíocht agus Forbairt) go leanfar le tosaíocht a thabhairt don dá cheantar chomharthaithe Gráig Uí Chuilinn agus Bóthar an Tulaigh, go háitiúil agus go náisiúnta, le haghaidh infheistíochta.
I 2006 fuarthas infheistíocht de €2,381,440 le haghaidh tionscnamh fhormhuinithe ACPIF. Dheimhnigh tiomantas leanúnach na Foirne Cur i bhFeidhm Ceantair, i bpáirtíocht le pobail ACPIF agus gníomhaireachta pobail le bliain anuas, infheistíocht mhór go háirithe i dtionscnaimh agus in áiseanna oibre na h-óige. Lean an ciste le haghaidh modhanna maolaithe tráchta agus oibreacha uasghrádaithe eastát, chomh maith, ó ACPIF agus ó Chomhairle Bhaile Cheatharlach, le feabhsú mór dá bharr ar nithe mar Uaigheanna na gCraipí, Gráig Uí Chuilinn, a ceiliúradh go bródúil mar ócáid phobail i Lúnasa. Críochnaíodh an ceantar súgradh ar Bhóthar an Tulaigh, áis go raibh géar gá leis do leanaí agus do dhaoine óga an cheantair. Bhain eagraíochtaí spóirt i gceantair ACPIF tairbhe, chomh maith, as deontais mhéadaithe Caipiteal Spóirt agus ACPIF chun a gcuid páirceanna agus trealamh a fheabhsú. D’eagraigh Tionscnamh Chomhionannais Bhan ACPIF Cheatharlach cúrsaí traenála agus forbartha pearsanta do mhná mórthimpeall bhaile Cheatharlach le bliain anuas le traenáil i Saoránacht Gníomhach/Rannpháirtíocht Vótálaí san áireamh. Beidh dhá oibrí tacaíochta pobail páirt-aimseartha fostaithe go luath chun obair i gceantair Bhóthar an Tulaigh agus Gráig Uí Chuilinn le ciste á fháil ós na Cuntais Díomhaoin. Le 95% des na tionscnaimh críochnaithe, nó ar siúl ó thús Phlean ACPIF, tá obair tosaithe anois ar Phlean ACPIF 2007-2009.
