COMHAIRLE BHAILE CHEATHARLACH
Bíonn Comhairle Bhaile Cheatharlach, i gcomhar leis an bpobal agus leis na h-eagraíochtaí deonacha agus reachtála, ag déanamh a díchill chun forbairt chomhoibrithe a thabhairt chun chríche i mbaile Cheatharlach, agus na seirbhísí is nua- aimsire a chur ar fáil, chun imshaol den scoth a chur ar fáil dóibh siúd a mhaireann, a oibríonn agus a thugann cuairt ar Bhaile Cheatharlach.
BAILL TOFA
CathaoirleachCllr. Jim Townsend
|
Leas CathaoirleachCllr. Declan Alcock |
Cllr. Rody KellyUimh. 16 Dairfhaiche |
Cllr. Walter LaceyUimh. 58 Páirc an Bhulláin |
Cllr. Jennifer Murnane O’ConnorBóthar Phortlaoise |
Cllr. Ann Achairn nee LongaighUimh.7 Ascail Dairphairc |
Cllr. Tom o’NeillUimh.146 Ascail JKL |
Cllr. Michael AbbeyUimh. 32 Sráid na Plásóige |
Cllr. Des HurleyUimh. 30 Léibheann N. Fiacc |
Cléirleach an Bhaile : Joe Waters
Innealtóir an Bhaile : Simon Walton
Eamhnú : Tempe, SAM
Dole, An Fhrainc
Northwich, Sasana
FEACHTAIS IMSHAOIL
- Glantachán Náisiúnta an Earraigh
- Comhlachas Gníomhaíochta Bhrúscar Bhaile Ceatharlach
- Comórtas Bród Bhláthach Náisiúnta
- Comórtas Mhórtas Dhúichí Áitiúla
- Feachtas Chosg ar Bhrúscair agus ar é a choiméad faoi chois
- Láimhseáil Bhrúscair : d’éisíodh céad tríocha ceathair (134) fineáil lom-laithreacha i 2006 – tá Oifigeach Fheidhmeach Bhrúscair fostaithe ag comhairle Bhaile Cheatharlach
CUMANN NA mBAILTE SHLACHTMHARA
I gComórtas Náisiúinta na mBailtí Slachtmhara 2006 d’eirigh le Ceatharlach stádas an Bhoinn Airgid a bhaint amach don chéad uair. Tá torthaí Bhaile Cheatharlach tar éis dul i bhfeabhas gach uile bhliain le roinnt blianta anuas; i mbliana thainig méadú ar na marcanna ó 257 go 271. Is Mór an chreidiúint na torthaí seo dóibh siúd go léir sna pobail éagsúla, a thug dá gcuid ama go fial flaithiúlach ag iarraidh imshaol níos glaine agus nios slachtmhara a cruthú. Baineadh amach na torthaí seo trI obair na mBailte Shlachtmhara i gcomhar le Comhairle Bhaile Cheatharlach, Áis Iontaobhais Cheatharlach, an Fórsa Delta, Lucht Ghnó, Cumann Muintir na hÁite, Grúpaí Pobail agus Scoileanna.
Coiste Bhaile Shlachtmhar Cheatharlach ag fáil Stádas an Bhoinn Airgid ag Oíche Bhronnadh Reigiunach an Oir- dheiscirt.
SEACHTAIN NÁISÚNTA NA GCRANN
Tá Comhairle Bhaile Cheatharlach i láthair na huaire, ag cur clár phanndáil –crann le chéile le haghaidh gnéithe éagsúla de chrainn dhúchasacha, laistigh den bhaile agus dá thimpeallacht. Bíonn Comhairle an Bhaile ag gríosadh cumainn mhuintir na háite agus eagrais phobail bheith ag cur crann laistigh dá gceantair. Mar chuid de Sheachtain Náisiunta na gCrann, 2006 do chuir Comhairle Bhaile Cheatharlach i gcomhar le Comhairle na gCrann in Éirinn agus Coillte, buinneáin agus crainn fhásta ar fáil do roinnt de chumainn mhuintir eagras pobail agus scoileanna.
CHOMHLACHAS GHNÓ ÉIREANN i gCOINNE BHRÚSCAIR
I 2006 bhí caoga-trí (53) dreamanna páirteach ins an Coiste BGÉG agus arís d’éirigh le Baile Cheatharlach Stádas Saor ó Bhrúscar a bhaint amach” Ins An Léag Bhrúscair 2006 thug an Coiste Monaiteoireachta aire ar leith do chlósanna scoile, stáisiúin iarnróid, agus coláistí triu- léibhéal agus is fiú go mór a thabhairt faoi deara gur éirigh go sár-mhaith leis na suímh seo i gCeatharlach.
Comhairle Bhaile Cheatharlach ag fáil a Duais mar Bhaile Saor ó Bhruscar 2006
SCÉIM DHEONTAS ÁISEANNA
Cuireadh suim airgid de €20,000 ar fáil i mBuiséad 2006 le haghaidh Deontaisí Áiseanna do chumainn Mhuitir na hÁite. Fógraíodh an scéim dheontais ins na nuachtáin áitiúla agus dáileadh amach caoga haon (51) deontaisí do réir scéime 2006.
DEONTAISÍ FORBARTHA PHOBAIL
Cuireann an Scéim Deontaisí Forbartha Phobail cabhair ar fáil do eagraisí agus do chumainn a bhíonn ag cur feabhais ar iomhá Cheatharlach a chuireann áiseanna éagsúla ar fáil i gCeatharlach go bhfuil a lán díobh mar thaidhleoirí do Cheatharlach, ní hamháin in Éirinn ach ar fúd an domhain mhóir. Thug Comhairle Bhaile Cheatharlach €25,000 sa Bhuiséad i 2006 le haghaidh Deontaisí na Scéime Cabhraí
`Puball C.P. Buachaillí Nua-Dhara
TITHÍOCHT- GNÍOMAÍOCHT: 2006
Scéim Cheannach na dTionóintithe 1995: Ceannaíodh sé cinn déag (16) de fhoirgneamh faoin scéim seo i mbliana.
Scéim Féin-Chabhrach-2006
Glacadh le haondéag (11) iarratas faoin Scéim Féin-Chabhrach i 2006 ag cur ar chumas na dtionóintithe feabhaisithe bhaile a dhéanamh ar bhonn 50.50 leis an Údarás Áitiúil.
Aisghabháil an Teas Lárnaigh
Sa bhliain 2006 cuireadh teas lárnach isteach i gcaoga-haon (51) tigh cónaithe ar chostas
€287,000- €57,000 de sin a fuarthas ó chuntas airgid na Comhairle agus €230,000 ón Roinn Imshaol Oidhreachta, agus Rialtas Áitiúil. Chomh maith leis na hoibreacha seo, deineadh insliú áiléara ar chaoga (50) tigh cónaithe agus cuireadh isteach isteach rabhcán deataigh i ndachad a haon (41) díobh.
Fuinneoga agus Dóirse
Dob é an buiséad dos na hoibreacha seo i 2006 ná €150,000 gur íochadh astú ó theacht isteach d’airgeadas caipitil inmheánach. Gléasadh tríocha trí (33) tigh cónaithe i 2006.
Dáileadh Tithíochta
Dáileadh caoga hocht (58) tigh cónaithe roimh 31 Nollaig, i 2006 go raibh fiche dó diobh so in a bhfolúntais fhánacha.
TITHÍOCHT- CLÁR AIRGEADAIS
1. Cuireadh críoch le ceannach sé (6) theach. Tá Comhairle an Bhaile i láthair na huaire ag déanamh breithmheas ar roinnt sealúchas eile in a thaobh so.
2. Tithíocht inlíonadh in áiteanna ar fúd Bhaile Cheatharlach.
3. Scéim Fruithill – 144 Tigh agus Naíolann agus Lárionad Phobail san áireamh
- 68 dTigh leis An Údarás Údarás Áitiúil
- (53 Comhairle Bhaile Cheatharlach + 15 Comhairle Chontae Laoise)
- 28 Tithe deonacha-Cluid
- 48 dTigh Comharchumann
Scéim Chnoc a’ Toradh
PLEANÁIL:
- Fuarthas 160 iarrtaisí pleanála i 2006
- Ceadaíodh 160 Iarratas pleanála i 2006



